Foilsithe ar 

Cistiú caipitil de €800 míle faighte ag an Aire Ring chun tailte a cheannach le Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin a leathnú

D’fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, an tUasal Michael Ring T.D., inniu (xx Nollaig 2016) go bhfuil ceannachán 4,900 acra (nó 1,983 heicteár) de hArdtailte Bhaile Átha Cliath curtha i gcrích ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sa cheantar ar a dtugtar na Featherbeds, ar chostas €800,000.  Cuirfear an talamh sin le Páirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin, rud a fhágfaidh 22,000 heicteár sa Pháirc Náisiúnta.

Ag fógairt an cheannacháin dó, dúirt an tAire Stáit: ‘Tá an-áthas orm an leathnú seo de Pháirc Náisiúnta Shléibhte Chill Mhantáin a fhógairt. Is ceantar tábhachtach é na Featherbeds do chaomhnú an dúlra agus mar áis don phobal. Tá siad á gceannach ag tuairim is €163 an acra, rud a chiallaíonn go bhfuil margadh sármhaith á fháil ag an stát, ní hamháin ó thaobh luach ar airgead de ach freisin i dtaca leis an acmhainneacht áiseanna, buntáistí caomhantais agus tairbhí comhshaoil a bhaineann leis. Tá an ceannachán ag teacht le tiomantas leanúnach an Rialtais do chaomhnú ár n-oidhreacht nádúrtha chun go mbeidh glúine de shaoránaigh agus cuairteoirí in ann taitneamh a bhaint as amach anseo. Is toradh é ar rannpháirtíocht chuiditheach idir an Roinn agus NAMA agus tugtar aghaidh leis ar straitéis fhadtéarmach i dtaobh sócmhainní tábhachtacha comhshaoil a alíniú.

‘Beidh Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne ag obair le Comhpháirtíocht Shléibhte Bhaile Átha Cliath leis an éadáil nua seo a bhainistiú, rud a léiríonn tiomantas leanúnach na bpáirtithe leasmhara go léir i dtaobh feabhas a chur ar acmhainneacht áineasa an cheantair seo, ag an am céanna ag cinntiú go mbaintear amach na caighdeáin is airde ó thaobh chaomhnú an dúlra de.'