Foilsithe ar 

Cistiú de €490 míle á fhógairt ag an Aire Humphreys do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann le hullmhú d’athoscailt sciatháin stairiúla

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Máirt) go bhfuil deontas de €490,000 á cheadú aici do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann chun cur le hoibreacha ríthábhachtacha coimisiúnaithe agus athchrochta sula ndéanfar Sciatháin Bhaile an Mhuilinn agus Dargan an Ghailearaí a athoscailt.

Tá an fhógairt á déanamh ag an Aire agus na hoibreacha athchóirithe agus athnuachana sa Ghailearaí, a chosain níos mó ná €30 milliún, ag teacht chun deiridh. Tá sciatháin stairiúla Bhaile an Mhuilinn agus Dargan á n-athchóiriú go hiomlán chun go mbeidh siad ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Ba é athnuachan sciatháin stairiúla Bhaile an Mhuilinn agus Dargan den Ghailearaí Náisiúnta an tionscadal caipitil is suntasaí inár bhForais Chultúir Náisiúnta le deich mbliana anuas. Is é seo an obair athchóirithe is mó agus is uaillmhianaí a rinneadh sa Ghailearaí ón am ar osclaíodh é in 1864. Nuair a bheidh na hoibreacha críochnaithe, beidh an Gailearaí ina spás taispeántais den chéad scoth.

Tá áthas orm an cistiú caipitil seo de €490,000 a cheadú, a chabhróidh leis an nGailearaí agus iad ag ullmhú d’athoscailt Sciatháin Bhaile an Mhuilinn agus Dargan. Úsáidfear an deontas ach go háirithe chun oibreacha coimisiúnaithe agus athchrochta a chistiú.

Cuirfidh an Gailearaí Náisiúnta leathnaithe go mór lenár mbonneagar cultúrtha. Agus an tionscadal seo ag teacht chun deiridh, táthar ag cur tús le roinnt tionscadal suntasach infheistíochta eile inár bhforais chultúir, lena n-áirítear na hoibreacha uasghrádaithe €10 milliún sa Leabharlann Náisiúnta agus infheistíocht de €8 milliún sa Chartlann Náisiúnta.


“Táthar ag dréim leis go mbeidh an obair athchóirithe sa Ghailearaí Náisiúnta críochnaithe i mí Mheán Fómhair agus go ndéanfar na sciatháin athchóirithe a athoscailt don phobal sa chéad ráithe de 2017. Le hathchóirú an Ghailearaí beidh sé ag teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus beifear in ann taispeántais den chéad scoth a chur ar siúl ann d’ealaín Éireannach agus idirnáisiúnta araon.”