Foilsithe ar 

Cistiú á fhógairt ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Aodhán Ó Ríordáin TD, d’ealaíona na hÉireann thar lear

D’fhógair an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin T.D., inniu ( 9 Nollaig, 2015) go bhfuil €1.2 milliún bronnta ag Cultúr Éireann ar ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon na hÉireann chun tacú le healaíona Éireannacha a chur i láthair an domhain in 2016
Beidh na tionscadail, lena gcuimsítear sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, drámaíocht agus na hamharc-ealaíona ar siúl ar fud 35 thír in 2016. Mar chuid den mhaoiniú tá tacaíocht bhliantúil do chomheagraíochtaí tábhachtacha, an Irish Arts Center i Nua Eabhrac agus an Centre Culturel Irlandais, Páras, dá gcláir lena gcuirtear ealaíontóirí na hÉireann ar an stáitse sna mór-ionaid sin. Is iad na comhlachtaí eile a fhaigheann maoiniú bliantúil ná First Music Contact, a thacóidh le clár leathnaithe de bhannaí ceoil Éireannacha ar fud an domhain in 2016 le fócas faoi leith ar Éirinn ag Seachtain Cheoil Cheanada, Idirmhalartán Litríocht Éireann a chuireann scríbhneoirí Éireannacha chun cinn thar lear agus Institiúid Idirnáisiúnta na Scannán Éire as scannáin Éireannacha a chur i láthair ag féilte agus in ionaid.

Éascóidh an maoiniú imeachtaí ealaíon Éireannacha i bpríomhthíortha ar nós an Bhrasaíl, an Rúis, an tSín, an India chomh maith le tíortha éagsúla san Eoraip, na Stáit Aontaithe agus Ceanada. Beidh líon suntasach de na himeachaí ar siúl le linn tréimhse na Féile Pádraig, agus beidh deis speisialta ann chun neart ealaíontóirí na hÉireann a chur ar taispeáint tráth a bheidh an domhain ag díriú ar Éirinn. Clúdaíonn na himeachtaí seo idir bhannaí ceoil traidisiúnta na hÉireann ar camchuairt i Meiriceá agus fhéile scannanaíochta, ceoil agus amharclannaíochta na hÉireann i Moscó.
Beidh saothair amharc-ealaíontóirí Éireannacha á gcur i láthair ag aonaigh ealaíne le linn 2016 lena n-áirítear aonaigh in Hong Cong, sa Bhruiséil agus i Londain. Beidh clár láidir iléagsúil ceoltóirí Éireannacha ar an stáitse ag Celtic Connections i nGlaschú i mí Eanáir agus rachaidh Ceolchoirm Aireagail na hÉireann, faoi stiúir Jörg Widmann, ar dhá chamchuairt go dtí an Ghearmáin/an Éilvéis i mí Aibreáin/mí an Mheithimh.
Dúirt an tAire Stáit, Aodhán Ó Ríordáin, agus é ag trácht ar na gradaim, “Bíonn ardmholadh á tharraingt ag ealaíontóirí na hÉireann ar fud an domhain i gcónaí agus bíonn ionaid cháiliúla i dtólamh ag iarraidh saothair Éireannacha a chur ar a gcláir. Cabhraíonn an tacaíocht a thugann Cultúr Éireann lena chinntiú go bhfuil ealaíontóirí na hÉireann in ann teagmháil a dhéanamh le lucht féachana idirnáisiúnta agus naisc nua a chothú ar fud an domhain chun clú na hÉireann mar thír fhíor-chruthaitheach a chothabháil. "

Le haghaidh liosta iomlán na dtionscadal a maoinítear féach:
http://www.cultureireland.ie/applications/index.php?r=reports/outcomeGrants