Foilsithe ar 

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Aire Humphreys le Gaillimh as a ainmniúchán mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, comhghairdeas inniu (Dé hAoine) le Gaillimh tar éis don chathair a bheith roghnaithe le Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 a óstáil. Beidh an teideal Príomhchathair Chultúir na hEorpa ag Gaillimh sa bhliain 2020, mar aon le Rijeka sa Chróit.

 

Roghnaíodh Gaillimh ó ghearrliosta de thrí thairiscint agus fuair sé an bhua ar Luimneach agus ar an Triúr Deirfiúracha (Port Láirge, Loch Garman agus Cill Chainnigh) sa phróiseas roghnúcháin deiridh.  Roimhe seo, bhí Baile Átha Cliath mírathúil sa chéim réamhroghnúcháin den chomórtas, a bhí ar siúl i mí na Samhna, 2015. 

 

Freagairt don ionsaigh i Nice

 

Nótáil an tAire Humphreys go bhfuil sé mar cheann d’aidhmeanna thionscnamh Phríomhchathair Chultúir na hEorpa muintir na hEorpa a thabhairt le chéile agus ár dtuiscint ar a chéile a fheabhsú. Agus í ag déanamh machnaimh ar an ionsaigh i Nice, dúirt an tAire:

 

“Ní mór dúinn freagairt dá leithéid trí bheith níos dionbháilte ná riamh agus ár dtiomantas dár gcultúr agus dár modh maireachtála san Eoraip a threisiú. Is ag amanna mar seo a deirimid amach os ard nach stopfaimid choíche de bheith ag ceiliúradh an méid is fearr den saol in Éirinn, sa Fhrainc nó san Eoraip.

 

“Bhí ár léiriú cultúrtha ag croílár chomóradh ómósach na hÉireann i mbliana ar bhunú ár náisiúin cheannasaigh. Aréir, bhí na mílte duine de bhunadh na háite agus turasóirí ag baint sult as ceiliúradh cultúrtha na Fraince ar Shaoirse, Chomhionannas agus Bhráithreachas.

 

Ag déanamh comhbhróin leis na híospartaigh agus a dteaghlaigh, dúirt an tAire Humphreys go mbeidh an bua ag na luachanna seo i gcónaí san Eoraip, is cuma an briogadh.

 

Ag labhairt di faoin ainmniúchán mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, bhí an méid seo le rá ag an Aire Humphreys:

 

 

“Is deis uathúil thábhachtach é Príomhchathair Chultúir na hEorpa a óstáil le cathair a chur ar taispeáint, mar go dtarraingíonn sé fócas gan fasach ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tabharfaidh sé deis do Ghaillimh agus d’Éirinn i gcoitinne scoth na cruthaitheachta agus an chultúir in Éirinn a chur chun cinn.

 

“Mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, beidh deis den scoth ag Gaillimh saibhreas a chultúir a chur ar taispeáint. Ar ndóigh, cuirfidh an t-ainmniúchán mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 borradh faoi líon na gcuairteoirí, ach freisin tá an fhéidearthacht aige caidreamh a bhunú idir pobail áitiúla ar fud agus beocht a chur iontu le linn bhliain spreagúil de rannpháirtíocht ealaíne agus cruthaitheachta.

 

“Níl ann seo ach an tríú huair d’Éirinn Príomhchathair Chultúir na hEorpa a óstáil, i ndiaidh Bhaile Átha Cliath i 1991 agus Corcaigh in 2005. Nuair a bhronntar Príomhchathair Chultúir na hEorpa ar áit, tugtar deis do mhuintir uile na hEorpa tuilleadh a fhoghlaim faoi chultúir a chéile agus taitneamh a bhaint as a stair agus luachanna comhroinnte. In 2020, déanfaimid oidhreacht chultúrtha uathúil na hÉireann a cheiliúradh, agus muid ag ceiliúradh tionchar na hEorpa orainn freisin.

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na cathracha go léir a rinne tairiscint agus aitheantas a thabhairt do thiomantas agus díograis iad siúd go léir a bhí páirteach sa phróiseas. Tá a fhios agam go mbeidh díomá an-mhór ar na foirne a bhí ar chúl tairisicintí Luimnigh agus na dTriúr Deirfiúracha, ach ba chóir go mbeadh sibh an-bhródúil as bhur n-iarrachtaí. Tá a fhios agam go mbainfear tairbhe shuntasach fhadtéarmach chultúrtha agus shóisialta as rannpháirtíocht sa tionscadal, ní hamháin don tairiscint rathúil ach freisin do na trí iarrthóirí eile mar aon lena gceantair réigiúnacha agus tuaithe.”