Foilsithe ar 

Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600-1926 á sheoladh ag an tAire Stáit McHugh

Ag ócáid i mBaile Átha Cliath tráthnóna, d’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., go bhfuil Corpas na Gaeilge 1600-1926 seolta ar líne.
Is tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann é Corpas na Gaeilge agus is san Acadamh féin a rinneadh an seoladh. Is céim forbartha é an Corpas i dtreo Foclóir Stairiúil na Gaeilge a fhoilsiú amach anseo. Sa Chorpas Stairiúil atá á sheoladh inniu tá breis agus 3 mhíle téacs agus suas le 19 milliún focal, gur féidir a chuardach ar líne. Tá obair ar bun ar an tionscadal ag Acadamh Ríoga na Éireann i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta agus is iad an fhoireann atá lonnaithe ar an gCarraig i gCo. Dhún na nGall a dhéanann an t-ábhar a dhigitiú.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Stáit McHugh:
“Tá lúcháir mhór orm a bheith anseo tráthnóna inniu in bhur gcuideachta don ócáid fhíor-thábhachtach agus spéisiúil seo, Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600-1926 a sheoladh go hoifigiúil. Cuimsíonn an Corpas réimse leathan ábhair ó stair na tíre seo, ó Theitheadh na nIarlaí in 1607, go dtí saothair an Athar Peadar Ó Laoghaire agus Phádraig Mhic Piarais in An Claidheamh Soluis, le linn ré órga athbheochan na teanga.
“Tá obair dhúshlánach ag baint le gach gné den togra seo agus tapóidh mé an deis tréaslú leis an fhoireann atá i mbun oibre air. Tá sárobair ar siúl agaibh i réimsí éagsúla a chuimsíonn stair na hÉireann, an tseandálaíocht, an Ghaeilge, an cultúr agus cúrsaí eolaíochta.
“Tá mé fíor-bhródúil go bhfuil an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta páirteach sa togra luachmhar seo. Tá áthas orm go raibh ar chumas mo Roinne cúnamh de os cionn €1.62m a chur isteach san obair atá ar siúl ag an Acadamh ar an Fhoclóir seo thar na blianta. Mar atá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, leanfar leis an fhorbairt agus an tacaíocht lena chinntiú go gcuirfear Foclóir Stairiúil na Gaeilge i gcrích agus go ndéanfar freastal ar riachtanais na teanga sa nua-aois.”


Nóta do na heagarthóirí
Foclóir Stairiúil na Gaeilge https://www.ria.ie/research-projects/focloir-stairiuil-na-gaeilge
Tá an tionscnamh taighde seo ag réiteach foclóir stairiúil don Ghaeilge sa tréimhse 1600-2000. Beidh an foclóir cuimsitheach seo bunaithe ar fhoinsí scríofa agus ar fhoinsí béil ón tréimhse sin. Faigheann an tionscadal seo tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, trí Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne. Trí na scéimeanna seo, cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cúnamh airgeadais ar fáil do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.