Foilsithe ar 

Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir á stiúradh ag an Aire Humphreys in Philadelphia

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag stiúradh Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2016 in Philadelphia inniu (Dé Domhnaigh). Leis an searmanas, atá á óstáil ag Leacht Cuimhneacháin na hÉireann sa chathair, tiocfaidh deireadh le cuairt trí lá an Aire Humphreys ar Philadelphia, áit ar chas sí le mórphearsana polaitiúla, eagraíochtaí pobail Éireannacha agus grúpaí gnó Gael-Mheiriceánacha.

 

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Tagaimid le chéile inniu chun íospartaigh an Ghorta Mhóir a thabhairt i gcuimhne, beag beann ar a gcreideamh, a bpolaitíocht nó a náisiúntacht. Cuimhnímis ach go háirithe orthu siúd a rinne an turas trasna an Atlantaigh go Philadelphia, go minic i ndálaí uafásacha.

 

“Tá muidne in Éirinn an-bhródúil as ár ndiaspóra agus an méid atá bainte amach acu i ngach réimse den saol agus, le linn dúinn bheith ag cuimhneamh ar íospartaigh an Ghorta Mhóir inniu, molaimis freisin an méid atá curtha acu siúd a mhair leis an saol i gcathracha iontacha ar nós Philadelphia.  Tá cion na nGaeil le feiceáil chuile áit anseo in Philadelphia.  Ó James Smith, duine de shínitheoirí Fhorógra na Saoirse, go Ceannasóir John Barry, bunaitheoir Chabhlach na Stát Aontaithe, go na mílte naibhí a thóg na bóithre agus na hiarnróid anseo.  

 

“Chuaigh sé i gcion orm ag gach imeacht ina raibh mé páirteach nó ar ar fhreastail mé le cúpla lá anuas, cé chomh daingnithe is atá oidhreacht agus cuimhne an Ghorta Mhóir anseo in Philadelphia.  Léirítear le searmanas an lae inniu tuiscint na glúine reatha ar an fhulaingt a chúisigh imeachtaí tragóideacha an Ghorta Mhóir.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu le himeachtaí na seachtaine seo, lenar tugadh aitheantas go tochtmhar do na daoine cróga sin.”