Foilsithe ar 

Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2018 le bheith ar siúl i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh – an tAire Humphreys

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Heather Humphreys TD, inniu (Dé hAoine) go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl Dé Sathairn, an 12 Bealtaine 2018 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.  Beidh an ócáid á hóstáil ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí. Mar phointe fócais i gcuimhneachán 2018 beidh seoladh TheGreat Irish Famine Online.

 

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

 

"Mar Chathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tá mé an-sásta a fhógairt go mbeidh  Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl an bhliain seo chugainn ar thailte Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.  Ar ndóigh, bunaíodh an Coláiste in 1845 agus osclaíodh é in 1849, agus lean an obair thógála ar aghaidh le linn bhlianta an Ghorta Mhóir. B'fhéidir gurb é mar gheall ar an stair sin atá UCC anois i dtús cadhnaíochta ó thaobh taighde agus staidéar ar bhlianta an Ghorta. "

 

"Le blianta beaga anuas, rinneadh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáil i suíomhanna stairiúla amhail Reilig Ghlas Naíon agus, an mhí seo caite, Teach Cogadh an Ghorta Mhóir 1848 i nBaile an Gharraí, Co. Thiobraid Árann.  Tá mé an-sásta go mbeidh an Cuimhneachán á óstáil i láthair chomh stairiúil sin agus é ag filleadh ar Chorcaigh, tar éis don Sciobairín é a óstáil sa bhliain 2009.

 

“Tá mé cinnte go dtiocfaidh an coláiste agus an Chathair le chéile le hómós cuí a thabhairt do na daoine a d’fhulaing le linn na blianta gruama sin, ní hamháin ar lá an Chomóraidh ach freisin trí chlár imeallach saibhir a fhorbairt. "

 

Dúirt Uachtarán UCC, an tOllamh Patrick O’Shea inniu, “Is mór an onóir do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh é an deis a fháil le bheith ag obair leis an Aire Humphreys agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comhairle Cathrach Chorcaí agus Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a óstáil. Le níos mó ná fiche bliain, tá an Ollscoil ag tacú le taighde ar Ghorta Mór na hÉireann agus ag déanamh infheistíocht ann. Aithnítear go hidirnáisiúnta gurb é The Atlas of the Great Irish Famine, a bhfuil gradaim bainte amach aige, an foilseachán is úrnua agus is léirsteanaí ar an ábhar seo. "

 

Lean an tOllamh O'Shea lena chuid cainte, ag rá "Táthar ag leanúint leis an taighde sin i gcónaí, mar a léirítear le Tionscadal an Ghorta Mhóir Ar Líne, atá faoi stiúir Mike Murphy, Cartagrafaí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Áirítear ar an tionscadal comhoibritheach suaitheanta sin comhghleacaithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Mar thoradh air, cruthófar acmhainn dhigiteach nua a mbeidh tábhacht léi ar fud an domhain, agus as a mbeidh na comhpháirtithe go léir fíor-bhródúil.”

 

Agus é ag tabhairt breac-chuntas ar na buntáistí a bhaineann leis dúirt an tOllamh O'Shea, "leis an tionscadal cuirfear eolas uathúil ar fáil ar fud an domhain saor in aisce. Beidh daoine ar fud na cruinne in ann iniúchadh agus anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an ngorta i dtaca le gach duine, trí mhíle paróiste agus sé chéad déag de bhailte ar fud oileán iomlán na hÉireann. Is acmhainn iontach nua é The Great Irish Famine Online, a chuirfidh go mór le tuiscint nua ar ár stair. Is mór a chuireann sé freisin le heolas, taighde agus oideachas i dtaca le Gorta Mór na hÉireann. Tabharfaidh sé deis do dhaoine an ócáid thragóideach seo a fhiosrú ar bhealach nach rabhthar in ann a dhéanamh riamh roimhe, agus atá indéanta anois a bhuíochas don teicneolaíocht nua-aimseartha. "