Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Simon Harris fáilte roimh oscailt oifigiúil an Ionaid nua Cuairteoirí i Músaem Phríosúin Chill Mhaighneann ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn

Inniu (30 Márta) chuir Simon Harris, Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le cúram speiaislta um Oifig na nOibreacha Poiblí, fáilte roimh ré nua do Mhúsaem Phríosúin Chill Mhaighneann nuair a osclaíodh Ionad nua Cuairteoirí san Iartheach Cúirte.

Dúirt an tAire: "Agus an t-ionad iontach seo oscailte ag an Uachtaran Ó hUiginn, cuirfear go mór le Príosún Chill Mhaighneann mar láthair spéise do chuairteoirí agus mar áit inar féidir le daoine teacht isteach chun machnamh a dhéanamh ar stair na hÉireann. Thuig an Rialtas suntas Phríosúin Chill Mhaighneann i gcomhthéacs scéil 1916 agus cuireadh an maoiniú riachtanach don obair athchóirithe ar fáil tríd an Oifig agamsa, Oifig na nOibreacha Poiblí. Mar sin, glacann Cill Mhaighneann an áit is dual dó imeasc na láithreacha íocónacha eile a aithnítear mar mheabhrúcháin bhuana i gClár oifigiúil 2016.”

Ní fhéadfaí an tionscadal a chur i gcrích gan an chomhoibriu ón tSeirbhís Chúirteanna a chuir an seanteach Cúirte ar fáil láithreach ar iarratas ón OPW in 2013. Dúirt an tAire: "Ba mhór an chabhair a fuarthas ó Bhord na Seirbhíse Cúirteanna, agus ón bPríomh-Bhreitheamh Denham ach go háirithe, chun an tionscadal seo a thabhairt chun críche.”

Threisigh an Príomh-Bhreitheamh le caint an Aire. Dúirt sí: “Bhí áthas ar an tSeirbhís Chúirteanna faoin dtionscadal seo agus an deis a fháil chun tacú le forbairt an ionaid thábhachtach oidhreachta seo, a chuimsíonn anois an t-iartheach Cúirte, áit a mbeidh cuairteoirí ábalta eolas a fháil ar ócáidí tábhachtacha stairiúla agus ar thírghráthóirí Éireannacha.”

Cuirfidh an foirgneamh nua ar chumas an OPW, a bhainistíonn láthair an Phríosúin, seirbhís i bhfad níos fearr a sholáthar don 330,000 cuairteoir a thagann ar an láthair gach bliain. Tá an bealach isteach sa Phríosún an-chúng faoi láthair agus níl sé oiriúnach chun freastal ar shluaite móra cuairteoirí. San Iartheach Cúirte tar éis athchóirithe beidh réimse áiseanna, Caifé agus Siopa Leabhar san áireamh, chomh maith le taispeántais léirmhínithe ar stair an Tí Cúirte agus an Phríosúin. Ar cheann de na príomhfheabhsuithe ata á dtabhairt isteach tá Réamháirithint Ar Líne. Féadfaidh cuairteoirí ticéid isteach a cheannach roimh ré agus mar sin a gcuairt ar an láthair a eagrú níos fearr. Mar thairiscint speisialta tosaigh chun an ócáid a chomóradh, fógraíonn Seirbhís Oidhreachta an OPW go mbeidh an chéad 5,000 ticéad a chuirtear in áirithe ar líne saor in aisce, tar éis don fhoirgneamh a oscailt don phobal ar 31 Márta 2016, suas go deireadh mhí na Bealtaine.

Dúirt an tAire: "Tá súil agam go mbainfidh cuairteoirí taitneamh as a bhfuil curtha ar fáil againn sa bhfoirgneamh nua. Ní cuid den Séadchomhartha Naisiúnta é, toisc é a bheith taobh amuigh de bhallaí an Phríosúin. Ach is foirgneamh liostaithe ann féin é, a théann siar go 1820; tá stair fhada shaibhir dá chuid féin ann agus is féidir le daoine é sin a thuiscint agus a mheas ins na taispeántais nua atá cruthaithe againn do chuairteoirí.”

Cuirfidh an áis nua ar chumas an OPW líon na gcuairteoirí ag Príosún Chill Mhaighneann a eagrú. Táthar ag súil, agus tuilleadh áiteanna taobh istigh den Phríosún le hoscailt fós, gur féidir líon na gcuairteoirí a mhéadú de réir a chéile chuig 500,000 in aghaidh na bliana.

Nótaí le haghaidh Eagarthóirí:
Cúlra:
Is Séadchomhartha Náisiúnta é Príosún Chill Mhaighneann atá faoi chúram an OPW; tá sé ar cheann de na suíomhanna turasóireachta is mó spéise in Éirinn a bhfuil aird ag cuairteoirí air.
Tá Cill Mhaighneann ar cheann de na láithreacha is suntasaí in Éirinn agus is léiriú ar leith é ar oidhreacht choiriúil agus pholaitiúil na tíre agus na hardchathrach. Téann sé siar chomh fada le 1796, tá sé ar cheann de na príosúin is mó san Eoraip nach bhfuil in úsáid agus is Séadchomhartha Náisiúnta é. Ó 1986 anuas, tá sé faoi bhainistíocht agus stiúradh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), ar a bhfuil an cúram an láthair a chaomhnú agus a chosaint, agus é a reachtáil mar áis oidhreachta agus staire agus mar láthair rathúil do chuairteoirí;
Sé ról an OPW ag Cill Mhaighneann ná an láthair a chothabháil agus a chur i láthair an phobail trí Sheirbhís Treoraithe ar leith, a mhínionn a stair 220 bliain agus a áit i gcuid de na hócáidí lárnacha i mbunú an Stáit;
Tá an Príosún ar oscailt don phobal ar bhonn lánaimseartha 362 lá in aghaidh na bliana;
Tá réimse iomlán áiseanna nua-aoiseacha do chuairteoirí ar fáil sa bhfoirgneamh athchóirithe Tí Cúirte, ar a n-áirítear:
Caifé
Siopa Leabhar/Bronntanas
Réamháirithint Ticéad Ar Líne
Taispeántas nua-aoiseach Léirmhínithe Staire
Leithris
Ceangal nua leis an bPríosún
Coinneofar an Seomra Cúirte láir agus beidh sé ar fáil le haghaidh ócáidí speisialta mar léirithe drámaí, seoltaí leabhar agus taispeántais scannán.