Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich deontas €23,561 i leith scéim oiliúna peile agus iomána i nGaeltachtaí na Mumhan

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., go raibh allúntas €23,561 á cheadú aige don Chumann Lúthchleas Gael – Comhairle na Mumhan. Tá an deontas á cheadú chun cuid de na costais reatha a bhaineann le raon bearta atá faoi stiúir na Comhairle agus a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge trí imeachtaí spóirt de chuid an Chumann Lúthchleas Gael i scoileanna Gaeltachta na Mumhan a mhaoiniú go dtí deireadh na scoilbhliana 2012/13.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomhairle na Mumhan. “Mar gheall ar an obair fhónta atá ar bun ag Comhairle na Mumhan faoin scéim seo le tamall de bhlianta, tá sé á leathnú go dtí Gaeltacht na Rinne in 2013 – rud a chabhróidh go mór le normalú na Gaeilge mar theanga cumarsáide i measc an aosa óig,” a dúirt an tAire Stáit.