Foilsithe ar 

Deontas €38,620 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall chun athchóiriú a dhéanamh ar an gcarrchlós

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (Dé Domhnaigh) go bhfuil deontas de €38,760 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Chnoc Fola chun cur ar a gcumas athchóiriú a dhéanamh ar an gcarrchlós ag Ionad Pobail Chnoc Fola.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Coiste Forbartha Chnoc Fola na hoibreacha seo a dhéanamh. “Tá obair phraiticiúil beartaithe sa chás seo a rachaidh chun leasa do phobal an cheantair agus do chuairteoirí araon,” a dúirt sé.

Is faoin réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.