Foilsithe ar 

Deontas €9,566 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Sheirbhísí Cúraim Chill Chomáin Teo., Co. Mhaigh Eo chun trealamh cistine a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu (Dé hAoine), go bhfuil deontas €9,566 ceadaithe aige do Sheirbhísí Cúraim Chill Chomáin Teo chun cuidiú leo trealamh cistine a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Tá obair iontach ar súil ag Seirbhísí Cúram Chill Chomáin sa cheantar seo, agus béilí úrbhruite á gcur ar fáil acu do sheanóirí agus scoileanna áitiúla. Tá mé cinnte go gcuideoidh an deontas seo leo leanúint leis an obair mhaith ata idir lámha acu.”

Is faoin réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.