Foilsithe ar 

Dréacht-Chreat Polasaí á fhoilsiú ag an Aire Humphreys do Chultúr 2025/Éire Ildánach

Tá an dréacht-Chreat Polasaí le haghaidh Éire Ildánach/Cultúr 2025, ár gcéad pholasaí cultúrtha náisiúnta riamh, foilsithe inniu (Dé Céadaoin) ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD.

Cuirfear an dréachtpholasaí seo anois faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon lena bhreithniú. Sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta, aithníodh gur tosaíocht é Cultúr 2025 a fhoilsiú.

Tá sé fógartha ag an Aire Humphreys freisin go bhfuil sé ar intinn aici Lá Comhairliúcháin Chultúrtha Bliantúil a reáchtáil, ar nós an cheardlann cultúrtha ar éirigh go han-mhaith leis anuraidh san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann mar chuid de phróiseas comhairliúcháin Chultúr 2025.

Leagtar amach sraith de bhearta tosaíochta i gcáipéis an Chreat Polasaí, faoi 7 gcrann taca tábhachtacha, atá le cur i bhfeidhm ar fud an Rialtais agus comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear:
· Na córais agus na struchtúir a thacaíonn leis na healaíona agus le cultúr a scrúdú;
· Rannpháirtíocht saoránach sna healaíona a mhéadú;
· Cistiú do na healaíona agus do chultúr a mhéadú de réir mar a thagann feabhas ar an ngeilleagar, ar aon dul leis an tiomantas sa Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta;
· Breithniú ar conas cistiú neamh-Rialtais a spreagadh;
· Na córais atá ann cheana a scrúdú lena chinntiú go bhféadfaidh tuilleadh daoine slí ghairme inbhuanaithe a bheith acu in earnáil an chultúir agus in earnáil na hoidhreachta;
· Comhar in earnáil an chultúir agus idir an earnáil sin agus an tsochaí shibhialta i gcoitinne a fheabhsú;
· Cur le tacaíocht do chultúr na hÉireann go hidirnáisiúnta,
· Breithniú ar conas is féidir le malartú cultúrtha naisc láidre a chruthú agus a chothú ar oileán na hÉireann agus idir an Bhreatain agus Éire.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Cuireann ár gcultúr go mór le luach ár saoil agus ár bpobail, agus tá Cultúr 2025 bunaithe ar an tuairim go bhfuil sé de cheart ag chuile dhuine páirt a ghlacadh i saol cultúrtha na tíre. Cuireadh an Creat Polasaí seo le chéile mar thoradh ar chomhairliúchán fairsing le hearnáil an chultúir ó seoladh an Plédhoiciméad maidir le Cultúr 2025 an samhradh seo caite. Tá an cháipéis sin forbartha agus níos beaichte agus dírithe mar gheall ar an bpróiseas sin.

“Tríd an gCreat Polasaí seo, tá sé mar aidhm againn cruthaíocht a chothú, borradh a chur faoi rannpháirtíocht saoránach, cuidiú le tuilleadh daoine gairm inbhuanaithe a bheith acu in earnáil an chultúir agus saibhreas cultúrtha na hÉireann a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach dom go gcuirfear an cultúr ag croílár pholasaí an rialtais agus go bhforbrófar cur chuige comhoibríoch ar fud na n-earnálacha.

“Leagtar amach i gCultúr 2025 tosaíochtaí lenár saol a shaibhriú trí rannpháirtíocht i gcultúr agus trí uaillmhian, riosca agus nuálaíocht in earnálacha na cruthaitheachta a spreagadh. Aithnítear ann freisin an méid a chuireann an earnáil lenár gcultúr agus an gá atá le meicníochtaí láidre maoinithe níos solúbtha agus níos láidre a fhorbairt.

"Mar chuid den Chlár don Rialtas Comhpháirtíochta, tá gealltanas go méadófar cistiú do na healaíona de réir mar a thagann feabhas ar ár staid eacnamaíoch. Tá sé sin léirithe sa Chreat Polasaí freisin, ach ní mór a lua nach liosta siopadóireachta é Cultúr 2025.

“Cuireadh an cháipéis seo i dtoll a chéile mar thoradh ar go leor leor plé le páirtithe leasmhara tábhachtacha in earnáil an chultúir, chomh maith le sraith comhairliúchán poiblí a tionóladh le linn an fhómhair seo caite. Anois tá mé ag lorg ionchur ó mo chomhghleacaithe san Oireachtas, tríd an gComhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon. Beidh plean forfheidhmithe á fhorbairt ag mo Roinn sna sé mhí amach romhainn, leis na tosaíochtaí atá leagtha amach sa doiciméad seo a chur i ngníomh.

“Is mian liom freisin an comhrá a choinneáil beo. Sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh teacht acu siúd in earnáil an chultúir ar an Aire Ealaíon agus ar mo Roinn, agus ar an chúis sin, tá sé ar intinn agam Lá Comhairliúcháin Chultúrtha Bliantúil a óstáil, agus an chéad cheann a reáchtáil níos faide anonn i mbliana. Beidh sé bunaithe ar leagan amach a bheidh cosúil leis an gceardlann cultúrtha a reáchtáil muid anuraidh san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, ina raibh rannpháirtíocht agus plé an-dearfach.”