Foilsithe ar 

Dul chun cinn á dhéanamh ag an gCartlann Náisiúnta ar phlean nua bainistithe taifead don tseirbhís phoiblí

Beidh seimineár á reáchtáil ag an gCartlann Náisiúnta Dé hAoine (an 21 Deireadh Fómhair) do státseirbhísigh agus fostaithe na seirbhíse poiblí chun feasacht a mhéadú ar an luach agus an tábhacht a bhaineanna le dea-bhainistiú taifead. Díreofar sa seimineár ar chruthú agus bainistiú éifeachtach taifid phoiblí agus, ach go háirithe, conas déileáil leis na ceisteanna bainteacha atá ag teacht chun cinn maidir le taifid leictreonacha.

Ag labhairt dó inniu bhí an méid seo le rá ag Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, John Mc Donough:
“Is i bhformáid leictreonach a a ghintear formhór na dtaifead sa lá atá inniu ann agus anseo sa Chartlann Náisiúnta tuigeann muid go bhfuil gá práinneach ann treoir a chur ar fáil do Ranna Rialtais lena chinntiú go gcaomhnaítear taifid phoiblí san fhormáid sin go fadtéarmach.

“I gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tá plé tosaithe againn chun plean nua bainistithe taifead a fhorbairt agus a bhrú chun cinn don tseirbhís phoiblí. Leis an bplean tabharfar soiléireacht agus muinín d’fhostaithe na seirbhíse poiblí i dtaca lena dtaifid a bhainistiú agus cinnteofar go gcaomhnaítear taifid don phobal.

“Tá an plean seo ag teacht i bhfeidhm le linn tréimhse dhearfach fáis sa Chartlann Náisiúnta. Mar chuid de Cháinaisnéis 2017 an tseachtain seo caite, d’fhógair an tAire Humphreys méadú de bheagnach 20% ar chistiú laethúil don Chartlann, rud a chinnteoidh go bhféadfar dul chun cinn gníomhach a dhéanamh ar ár straitéisí le linn Deich mBliana seo na gCuimhneachán. Áirítear ar na straitéisí sin forbairt an phlean bainistithe taifead agus tionscnaimh dhigiteacha éagsúla a bhrú chun cinn.

“Ina theannta sin, táthar ag leanúint leis an obair ar ár bplean mór athfhorbartha, lena méadófar go suntasach an spás stórála cartlainne ag an suíomh ar Shráid an Easpaig i mBaile Átha Cliath 8. Bainfidh taighdeoirí tairbhe as an Seomra Léitheoireachta a osclaíodh le déanaí agus a uasghrádaíodh le soilse agus áiseanna láimhseála aeir nua chun timpeallacht níos compordaí a chur ar fáil dóibh siúd a bhaineann úsáid as an áis seo agus leis na taifid féin a chosaint.

“Agus muid ag bogadh i dtreo 2022, agus cuimhneachán céad bliain an tráth a scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, cuirimid fáilte roimh an tiomantas leanúnach seo ón Aire agus óna Roinn don taifead chartlainne, agus d’fhorbairt teicneolaíochtaí agus cuir chuige nua i dtaca le cinnte a dhéanamh go gcaomhnaítear na taifid agus go mbeidh rochtain orthu go fóill ar Shráid an Easpaig agus ar líne.”