Foilsithe ar 

Déanann an tAire Humphreys comhghairdeas leis na cathracha atá ar an ngearrliosta do Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, comhghairdeas inniu (Dé hAoine) le Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge, ai gceannas ar iarratas réigiúnach thar ceann chathair Chill Chainnigh agus cheantar Loch Garman, tar éis gur cuireadh ar an ngearrliosta iad sa chomórtas don teideal mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020. Chuir painéal de shaineolaithe neamhspleácha an gearrliosta i dtoll a chéile tar éis dóibh measúnú a dhéanamh ar iarratais ó cheithre cinn de chathracha na hÉireann a bhí san iomaíocht. Rinneadh an fógra tar éis cruinniú dhá lá a bhí ar bun i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

 

Is tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Príomhchathair Chultúir na hEorpa’. Tar éis cuireadh oscailte ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, cuireadh ceithre iarratas isteach; Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach agus an t-iarratas a bhfuil Port Láirge i gceannas air.

 

Beidh go dtí lár 2016 ag na cathracha a cuireadh ar an ngearrliosta inniu chun a n-iarratas a chríochnú. Tiocfaidh an painéal saineolaithe le chéile ansin arís i mBaile Átha Cliath le linn an dara leath den bhliain 2016 chun moladh a dhéanamh maidir le cén chathair Éireannach a ainmneofar mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020.

 

Dúirt an tAire Humphreys an méid seo inniu:

“In 2020, is in Éirinn a bheidh Príomhchathair Chultúir na hEorpa don tríú babhta, tar éis Bhaile Átha Cliath i 1991 agus Corcaigh in 2005. Is deis faoi leith, agus deis thábhachtach, an t-ainmniúchán a fháil chun cathair a chur ar an ardán le go mbeidh aird uirthi ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tabharfaidh sé deis don chathair a roghnófar, agus go deimhin d’Éirinn ar fad, a croí agus a hanam cultúrtha a chur chun cinn. Tá súil agam gur bliain de rannpháirtíocht agus de chruthaitheacht chultúrtha gan choinne a bheidh romhainn in 2020.

 

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Gaillimh, Luimneach agus an t-iarratas a bhfuil Port Láirge i gceannas air agus iad ag dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnúcháin, agus go deimhin, guím gach rath ar gach ceann de na cathracha agus iad ag cur a n-iarratais i gcrích sna chéad sé mhí nó mar sin atá romhainn. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt don tiomantas, don díocas agus don treallús a léirigh Baile Átha Cliath sna hiarratais a rinne siad. Tuigim gur briseadh croí é bheith curtha amach ag an bpointe seo, ach tá údar ag gach duine a raibh baint acu le hiarratais Bhaile Átha Claith bheith thar a bheith bródúil as a gcuid iarrachtaí. ”