Foilsithe ar 

D’fhógair Aire Stáit Ríordáin inniu go bhfuil an t-ealaíontóir Jesse Jones, i dteannta an choimisinéara, Tessa Giblin roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag 57ú Biennale na Veinéise in 2017

D’fhógair Aodhán Ó Ríordáin, Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu, (An Máirt 8ú Márta, 2016) go bhfuil an t-ealaíontóir Jesse Jones leis an gcoimisinéir Tessa Giblin roghnaithe ag Cultúr Éireann agus ag an gComhairle Ealaíon chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag 57ú Biennale na Veinéise in 2017.
Tá Biennale Ealaíon na Veinéise ar cheann de na hardáin idirnáisiúnta is tábhachtaí do na hamharcealaíona, agus tugann níos mó ná leathmhilliún duine cuairt air gach bliain. Roghnaíodh an fhoireann chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann tar éis gur reáchtáladh próiseas iomaíoch oscailte, le moltóirí idirnáisiúnta. Is tionscnamh comhpháirtíochta de chuid Chultúr Éireann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon é Éire sa Veinéis.

Dúirt an tAire Stáit, Aodhán Ó Ríordáin, go bhfuil "níos mó tuisceana go hidirnáisiúnta anois ar threise earnáil amharcealaíon na hÉireann mar thoradh ar chomh maith is a chruthaíomar ag an Biennale le blianta beaga anuas." Dúirt sé freisin "go mbeadh deis ag pobal na hÉireann an taispeántas a fheiceáil nuair a rachaidh sé ar camchuairt tar éis an Biennale."

Tá saothar ealaíne molta ag Jesse Jones a bheadh bunaithe ar an ionadaíocht náisiúnta sa Veinéis mar shuíomh malartach an stáit. I dtionscadal a gcuireann sí síos air mar ‘witching’ ar an gcóras breithiúnach, beidh sí ag comhoibriú ina taighde agus ina cleachtas comhoibríoch leis an ealaíontóir iomráiteach amharclannaíochta Olwen Fouéré.
Agus í ag labhairt ar a roghnú, dúirt Jesse ‘Is onóir mhór dom gur roghnaíodh mé chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an Biennale agus táim thar a bheith sásta a bheith ag obair le Tessa ar an tionscadal seo ó tharla go bhfuil seanchaidreamh agam léi ó thaobh na coimeádaíochta. Tá Biennale na Veinéise ar cheann de na hócáidí is tábhachtaí i saol an ealaíontóra. Táim ar bís chun tabhairt faoin dúshlán seo agus taispeántas a chruthú a spreagfaidh díospóireacht ar cheisteanna práinneacha atá ábhartha go polaitiúil agus go sóisialta in Éirinn agus ar fud an domhain.’
Tá an Coimisinéir d'Éirinn ag Biennale 2017, Tessa Giblin, ina coimeádaí ar na hamharcealaíona sa Project Arts Centre i mBaile Átha Cliath a bheidh ag tacú le cur i láthair an taispeántais. Dúirt Giblin, ‘táim an-bhródúil as a bheith ag obair leis an ealaíontóir den scoth Jesse Jones, agus muid ag breathnú chun cinn i dtreo an ardáin idirnáisiúnta is spreagúla agus is dúshlánaí dá bhfuil ann: Biennale na Veinéise. Is mór an onóir dúinn go bhfuil tacaíocht againn ó fhoireann iontach an Project Arts Centre, áit ar daingníodh ár gcaidreamh mar choimeádaí agus mar ealaíontóir beagnach deich mbliana ó shin.’