Foilsithe ar 

Éire Ildánach agus Clár SAM Chultúr Éireann á seoladh ag an Aire Humphreys i Nua-Eabhrac

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag seoladh Clár Éire Ildánach inniu (Dé hAoine) i gConsalacht na hÉireann i Nua-Eabhrac, chomh maith le bheith ag cur sonraí chlár SAM Chultúr Éireann do 2017 i láthair. San iomlán, cuirfidh Cultúr Éireann €1 milliún ar fáil d’ealaíontóirí na hÉireann chun a gcuid saothar a chur ar taispeáint ar fud na Stáit Aontaithe le linn 2017.

Tá sé dearbhaithe ag an Aire freisin go gcuirfidh a Roinn €1 milliún de mhaoiniú ar fáil don Irish Arts Centre i Nua-Eabhrac, ag a bhfuil foirgneamh nua á fhorbairt i Manhattan a bheidh mar lárionad d’ealaíontóirí Éireannacha i gCathair Nua-Eabhrac. Chas an tAire inné le Spéicéir Chomhairle Cathrach Nua-Eabhrac, Melissa Mark Viverito agus le Cácas Éireannach na Comhairle chun buíochas a ghabháil leo as an méid a chuir siad leis an gComóradh Céad Bliain i Nua-Eabhrac in 2016.

Mar chuid de chlár SAM Chultúr Éireann do 2017 tá raon iléagsúil ealaíontóirí Éireannacha, lena n-áirítear The Gloaming, Téada, Dervish, The Outside Track agus McPeake, a bheidh go léir ar camcuairt sna Stáit Aontaithe i mbliana. Beidh suas le dosaen ceoltóir nó grúpa ceoil ag glacadh páirte san imeacht mór le rá sin i réimse an cheoil, South by Southwest in Austin, Texas i Mí an Mhárta agus beidh amharc-ealaíontóirí de chuid na hÉireann ag cur a gcuid oibre ar taispeáint ar fud SAM ó Nua-Eabhrac go Portland agus LA. Déanfar raon leathan imeachtaí a reáchtáil freisin san Irish Arts Centre ar feadh na bliana, le tacaíocht ó Chultúr Éireann.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
"Is ionann Éire Ildánach agus clár uaillmhianach cúig bliana an Rialtais d’fhonn an cultúr agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár pholasaí poiblí. Tá mé ag casadh inniu le páirtithe leasmhara tábhachtacha ar fud earnáil ealaíon na hÉireann i Nua-Eabhrac le labhairt leo faoin tionscnamh tábhachtach seo agus a gcuid tacaíochta a iarraidh.

“Chuaigh an Diaspóra i ngleic go hiomlán le hÉire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, agus tharla sé sin ach go háirithe anseo i Nua-Eabhrac, áit a ndearnadh sraith imeachtaí cuimhneacháin a reáchtáil. Táimse den tuairim go bhfuil naisc chultúrtha chomh tábhachtach céanna le naisc eacnamaíocha, b’fhéidir níos tábhachtaí fiú, agus ní mór go leanfaidh muid ar aghaidh ag forbairt ár gceangail chultúrtha.

“Tá teachtaireacht an-tábhachtach á cur in iúl le hÉire Ildánach faoin tábhacht atá leis an gcultúr in Éirinn agus mar atá plean uaillmhianach bunaithe ar an gcruthaitheacht á leagan amach ag an Rialtas do na cúig bliana amach romhainn. Tá gné idirnáisiúnta ag baint le dhá cheann de na cúig cholún faoi Eire Ildánach; Éire mar Lárionad Barr Feabhais do Léiriúchán na Meán agus Clú na hÉireann ar fud an Domhain a Thabhairt le Chéile.

“Ba mhaith liom teachtaireacht láidir a thabhairt faoi mhianta na hÉireann dár n-earnálacha cruthaitheachta agus ár bhfís i dtaca le cabhrú le leanaí agus le pobail barr a gcumais a bhaint amach ó thaobh na cruthaitheachta de. Tá sé de dheis ag Éirinn ceannaireacht a thabhairt le dea-sampla agus clár Éire Ildánach á chur i bhfeidhm againn.

“Tá an-áthas orm go bhfuil €1 milliún de mhaoiniú á chur ar fáil ag mo Roinn d’ealaíontóirí na hÉireann sna Stáit Aontaithe i mbliana, trí Chultúr Éireann. Tagann sé sin sna sála ar mhéadú ar an mbunchistiú do Chultúr Éireann i gCáinaisnéis 2017, agus mar thoradh air beidh raon leathan ealaíontóirí in ann a gcuid oibre a chur ar taispeáint sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn.

“Bhí áthas orm freisin an deis a thapú chun labhairt le Spéicéir Chomhairle Cathrach Nua-Eabhrac, mar aon le comhaltaí Chácas na hÉireann, chun buíochas a ghabháil leo as an méid a chuir siad le himeachtaí comórtha 1916 na cathrach.”