Foilsithe ar 

Fáilte á fearadh ag an Aire Humphreys roimh Phrionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Cuirfidh an tAire Heather Humphreys T.D., fáilte inniu roimh an Lánúin Ríoga, Prionsa na Breataine Bige agus a bhean chéile, Bandiúc Chorn na Breataine, go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i gContae Dhún na nGall. Tá an chuairt seo mar chuid de thuras trí lá na Lánúine Ríoga ar Éirinn agus ar Thuaisceart Éireann. Agus iad sa Pháirc Náisiúnta, tabharfaidh siad cuairt ar Chaisleán Ghleann Bheatha.

Ag labhairt di roimh an chuairt, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an bPrionsa Charles agus Bandiúc Chorn na Breataine go Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Is eol don saol an tsuim atá ag an bPrionsa Charles sa chomhshaol agus san oidhreacht nádúrtha agus a thiomantas dóibh, agus bhí lúcháir orainn Clár Bhoirne maidir le Feirmeoireacht ar mhaithe le Caomhnú a chur i láthair dó nuair a bhí sé ar cuairt anseo anuraidh. Tá Páirc Náisiúnta Ghleann bheatha ar cheann de sheoda ár n-oidhreacht nádúrtha. Is í an t-aon Pháirc Náisiúnta in Uladh í agus is ceann de na príomháiteanna stoptha ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin í. Tá mé cinnte go rachaidh áilleacht nádúrtha na timpeallachta i gcion ar an Lánúin Ríoga, chomh maith leis an obair den scoth atá ar bun acu i Seirbhís Oideachais Ghleann Bheatha chun teagasc na heolaíochta, an dúlra agus na bithéagsúlachta a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine óga.

“Is léiriú den scoth í an chuairt seo ar Dhún na nGall ar an gcaidreamh feabhsaithe atá idir ár dtíortha anois, caidreamh atá níos fearr anois ná mar a bhí riamh, agus atá ag dul i bhfeabhas i gcónaí. Tá mé cinnte go gcuirfidh cuairteanna mar seo go mór leis an bpróiseas sin.”