Foilsithe ar 

Fógairt ón Aire Humphreys gur roghnaíodh ‘Free Market’ le hionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag Biennale na Veinéise 2018

Fógairt ón Aire Humphreys gur roghnaíodh ‘Free Market’ le hionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag Biennale na Veinéise 2018

 

 

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, T.D. inniu, 26 Deireadh Fómhair 2017, go mbeidh ‘Free Market’ ag déanamh ionadaíocht d’Éirinn ag an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis in 2018 (an ‘Biennale’). Is iad seo a leanas na comhléiritheoirí atá ar fhoireann an togra a roghnaíodh le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn:

 

  • Laurence Lord (AP+E)
  • Orla Murphy (Custom)
  • Jeffrey Bolhuis (AP+E)
  • Jo Anne Butler (Culturstruction)
  • Tara Kennedy (Culturstruction)
  • Miriam Delaney (DIT)

 

Dúirt an tAire Humphreys: “Tá foireann ‘Free Market’ tar éis taispeántas an-ábhartha a bheartú bunaithe ar an spás comónta i mbailte margaidh in Éirinn. Mar is eol dúinn, tá na spásanna sin fíorthábhachtach do phobail tuaithe sa tír seo, agus do theagmháil eacnamaíoch agus shóisialta inár mbailte. Is téama é seo a mbeidh dáimh ag an domhan leis freisin, áfach, agus níl aon amhras ná go mbeidh spéis ag daoine ar fud na cruinne i dtaighde na foirne. Tugtar deis gan fasach dúinn in 2018 leis an aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach atá tuillte ag ailtireacht na linne seo in Éirinn, ag tógáil ar Cholún 5 de chlár Éire Ildánach i dtaca lenár gcáil ar fud an domhain a thabhairt le chéile.”

 

Tá láithreacht leanúnach na hÉireann ag Biennale iomráiteach na Veinéise á neartú anois ós rud é gur ailtirí Éireannacha iad na léiritheoirí roghnaithe ag an Biennale don Taispeántais Idirnáisiúnta Ailtireachta, den chéad uair riamh.  Tugadh an onóir do Yvonne Farrell agus Shelley McNamara as Grafton Architects an taispeántas lárnach a léiriú agus an téama a fhorbairt a bheidh mar bhonn agus taca ag na taispeántais náisiúnta go léir.

 

Is freagairt dhíreach é an taispeántas náisiúnta ‘Free Market’ don téama uileghabhálach, ‘Freespace’, a roghnaigh na léiritheoirí, Yvonne Farrell agus Shelley McNamara. Tarraingeoidh sé aird ar an bhflaithiúlacht, an daonnacht agus an fhéidearthacht a bhaineann le spásanna comónta bhailte margaidh na hÉireann. Ba lárionaid eacnamaíocha agus shóisialta na hÉireann iad aonaigh bhailte beaga lá den saol, ach tá athrú ó bhun tagtha orthu le tamall anuas. Go deimhin, tá a bhfeidhm mar áiteanna malartaithe agus tionóil laghdaithe in go leor áiteanna. Féachann an tionscadal seo leis na háiteanna idirghníomhaíochta agus pobail sin a athbheochan. Tógfaidh sé freisin ar thaighde na foirne agus taighde daoine eile, agus ar eispéireas na spásanna sin, le talamh uirbeach chomhroinnte aonach an bhaile bhig a athshamhlú.

 

Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ón 26 Bealtaine go dtí an 25 Samhain 2018, an t-ardán domhanda is tábhachtaí le hailtireacht a chur ar taispeáint, agus bíonn baint ag an bpobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí leis.

 

Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann, rannán de Roinn an Aire Humphreys, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, é taispeántas na hÉireann sa Veinéis. Ó bhí 2005 ann, tá Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon ag obair i gcomhpháirtíocht le chéile le tacú le hionadaíocht na hÉireann sa Veinéis i bhfianaise an ardáin leanúnaigh a chuireann sé ar fáil d’ealaíontóirí le dul i gcion ar lucht féachána idirnáisiúnta.

 

Beidh taispeántas na hÉireann in 2018, ‘Free Market’, ar camchuairt ar fud bhailte in Éirinn sa bhliain 2019 tar éis a sheal sa Veinéis.

 

  • Grianghraf leis seo den fhoireann ‘Free Market’

Ar deiseal ó chlé: Tara Kennedy, Orla Murphy, Miriam Delaney, Jeffrey Bolhuis, Jo Anne Butler, Laurence Lord

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Tá ábhair spéise i gcoiteann ag baill na foirne i réimsí taighde, cleachtais agus oideachais.

 

  • Laurence Lord - is ailtire é Laurence, duine de chomhbhunaitheoirí AP+E, teagascóir stiúideo i Scoil na hAiltireachta, Pleanála agus Polasaí Comhshaoil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ceann aonaid in Ionad Oideachais Ailtireachta Chorcaí.
  • Orla Murphy - is ailtire í Orla, bunaitheoir Custom agus Ollamh Cúnta i Scoil na hAiltireachta, Pleanála agus Polasaí Comhshaoil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 
  • Jeffrey Bolhuis - is ailtire, comhbhunaitheoir AP+E, teagascóir stiúideo le Foireann Teagaisc na hAiltireachta agus na Timpeallachta Tógtha, TU Delft agus ceann aonaid in Ionad Oideachais Ailtireachta Chorcaí é Jeffrey.
  • Jo Anne Butler - is dearthóir ildisciplíneach í Jo Anne, chomh maith le stiúrthóir cruthaitheach le Superfolk agus comhbhunaitheoir de chuid Culturstruction. Tá an grá atá aici don dúlra agus a tuiscint ar an timpeallacht agus ar ábhair mar bhonn ag a héiteas láidir dearaidh.
  • Tara Kennedy - is duine de bhunaitheoirí Culturstruction í Tara, tá sí ina hailtire le John McLaughlin Architects agus is léachtóir in Ionad Oideachais Ailtireachta Chorcaí í. Ina theannta sin, tionscnaíonn sí tionscadail dearaidh agus taighde atá faoi thionchar an tsochaí.
  • Miriam Delaney - is leachtóir leis an Ailtireacht í Miriam i Scoil Ailtireachta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.