Foilsithe ar 

Fógra á dhéanamh ag an Aire Humphreys go mbeidh tionscadail eachaí incháilithe do mhaoiniú LEADER

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inniu (Dé Máirt) go mbeidh gníomhaíochtaí áirithe eachaí incháilithe anois le haghaidh maoiniú a fháil faoi chlár reatha LEADER. Tá sé beartaithe ag an Aire leasú a dhéanamh ar liosta na ngníomhaíochtaí incháilithe faoi Chlár 2014-2020 LEADER, a d'fhéadfadh dul chun tairbhe do raon leathan gníomhaíochtaí eachaí agus tionscadail turasóireachta tuaithe, amhail ionaid eachaíochta agus scoileanna marcaíochta.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Measadh nach raibh na tionscail rásaíochta capall agus eachspóirt incháilithe faoi chlár 2007-2013 LEADER. É sin ráite, bhí tacaíocht do ghníomhaíochtaí coimhdeacha ar mhaithe le seribhísí a sholáthar incháilithe i gcás ina raibh sé sin ag teacht leis na Straitéisí Forbartha Áitiúil a bhí ceaptha i ngach limistéar. Áiríodh ar na gníomhaíochtaí sin raon leathan gníomhartha, ar nós tionscadail a bhain le hionad eachaíochta agus scoileanna marcaíochta.

“I bhfianaise an leibhéal suntasach infheistíochta i ngníomhaíochtaí coimhdeacha cheana, rinneadh an cinneadh nach mbeidh tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin incháilithe faoi chlár 2014-2020 LEADER.

“Aistríodh Clár LEADER go dtí mo Roinnse i Mí an Mheithimh seo caite agus sheol mé Clár nua LEADER i mí Iúil 2016. Ó shin i leith, rinne mé machnamh ar an gceist seo agus is léir dom go bhfuil éileamh faoi leith ann go fóill ar thuilleadh infheistíochta i ngníomhaíochtaí coimhdeacha, go háirithe áit a gcuireann sé leis an turasóireacht tuaithe.

“Dá bhrí sin, tá sé i gceist agam leasú a dhéanamh ar liosta na ngníomhaíochtaí incháilithe chun maoiniú do ghníomhaíochtaí coimhdeacha an tionscail eachaí a cheadú. Beidh sé seo á dhéanamh ar bhonn spriocdhírithe, le béim faoi leith ar chinnte a dhéanamh go mbeidh rochtain ag an bpobal mór ar an infreastruchtúr atá ag fáil tacaíochta.”