Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil Tascfhórsa bunaithe don Chrotach

Tá fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil Tascfhórsa bunaithe chun an titim atá tagtha ar líon na gCrotach mar speiceas goir in Éirinn a chur ina cheart.

 

Cé go dtagann na mílte Crotach go hÉirinn gach geimhreadh, go háirithe ar an gcósta áit a dtagann éin imirce chun éalú ó aimsir níos fuaire in Albain nó sa Chríoch Lochlann, tá ár ndaonra náisiúnta goir tite faoi 150 péire - meath de 97% ó na 1980idí.

 

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

“Is údar mór imní meath an Chrotaigh. D’oibrigh mo Roinnse agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go dlúth cheana féin agus muid ag cur láithreacha don Chrotach in ord tosaíochta chun dul isteach in GLAS agus d’fhorbraíomar beartais a oibríonn do na feirmeoirí agus do na héin araon.

 

“Agus mé ag bunú an Tascfhórsa seo, tá mé ag tabhairt le chéile na saineolaithe agus na cinnteoirí ábhartha chun tabhairt faoi ghníomhartha dearfacha eile don Chrotach. Táim dóchasach, trí chomhoibriú le chéile, agus go háirithe trí thacú le tionscnaimh dhearfacha don éan, gur féidir linn an Crotach a shábháil.”