Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Humphreys na sonraí faoi chlár nua athfhorbartha do Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., i gcomhar le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, tar éis pleananna a fhógairt inniu (Dé Céadaoin) do mhórphlean infheistíochta caipitil ar fiú €10m é d’áitreabh stairiúil Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (LNÉ) ar Shráid Chill Dara. Cuirfear an infheistíocht i bhfeidhm mar chlár céimneach oibreacha i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí.

Rachaidh an athfhorbairt i ngleic leis na mór-réimsí seo a leanas do LNÉ:
· Athchóiriú foirgneamh na 1890idí chun é a thabhairt go caighdeán comhaimseartha ar mhaithe le rochtain uilíoch, cosc ar dhóiteán, sláinte agus sábháilteacht, cúrsaíocht, slándáil, seirbhísí meicniúla agus leictreacha, agus inbhuanaitheacht chomhshaoil;
· Uasghrádú agus feabhsú ar na háiseanna do chuairteoirí agus léitheoirí;
· Uasghrádú na dtimpeallachtaí ina gcoinnítear bailiúcháin oidhreachta;
· Feabhas ar rochtain agus ar shlándáil;
· Uasghrádú agus cuíchóiriú na limistéar oibriúcháin; agus
· Soláthar naisc níos fearr ar fud choimpléacs fhoirgnimh bhreise na Leabharlainne.

Agus an fógra á dhéanamh aici, dúirt an tAire Humphreys:

“Tá méid shuntasach de bhailiúchán na Leabarlainne Náisiúnta á choinneáil faoi láthair i bhfoirgneamh stairiúil ón ré Victeoiriach a dteastaíonn uasghrú agus nuachóiriú a dhéanamh go géar air. Bhí an-áthas orm, mar sin, maoiniú de €10m a leithdháileadh i mí Dheireadh Fómhair 2015 chun infheistíocht a dhéanamh san fhoras ríthábhachtach cultúrtha seo. Tá mé thar a bheith ríméadach inniu go bhfuil ar mo chumas pleananna a nochtadh d’fhorbairt faoina ndéanfar an chéad mhór-infheistíocht ó na 1890idí i sciathán stairiúil fhoirgneamh Shráid Chill Dara.”

“Is cuí go bhfuiltear ag tabhairt “Athshamhlú na Leabharlainne Náisiúnta” ar an gclár infheistíochta seo, agus cuideoidh sé chun áis den scoth a dhéanamh den Leabharlann i gcomhair stóráil agus taispeáint ár mbailiúchán náisiúnta, chomh maith le cur ar chumas na Leabhrlainne a hacmhainneacht mar ionad taighde, cultúir, foghlama agus turasóireachta a fhorbairt.”

“Is ionann an athfhorbairt seo is infheistíocht shuntasach eile de chuid an Rialtais seo inár bhForais Chultúrtha Náisiúnta, ag teacht sna sála i mí an Mheithimh ar sciatháin stairiúla an Ghailearaí Náisiúnta a bhfuil athchóiriú den scoth déanta orthu. Táthar ag tosú freisin ar uasghrádú suntasach ar an gCeoláras Náisiúnta agus ar an gCartlann Náisiúnta.”

“Léiríonn caighdeán ár n-áiseanna cultúrtha ar bhealach an-soláimhsithe cá luíonn ár dtosaíochtaí sochaíocha agus tá siad ríthábhachtach i gcinntiú gur áit mhealltach í Éire mar áit le cónaí, le hoibriú agus le hinfheistiú inti agus le cuairt a thabhairt uirthi agus táim faoi láthair ag forbairt clár infheistíochta caipitil don earnáil chultúir agus oidhreachta mar a gealladh faoi Chlár Éire Ildánach.”

Tá an Roinn, an Leabharlann Náisiúnta agus Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair ar phlean infheistíochta ó d’fhógair an tAire an deontas de €10m chun uasghrádú a dhéanamh ar áitreabh Shráid Chill Dara na Leabharlanna Náisiúnta i mí Dheireadh Fómhair 2015. Tá na pleananna curtha i gcrích anois agus tosófar ar an gcéad chéim den obair go luath.