Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Kyne deontas do Choiste Forbartha Ghleann Bharr, Co. Dhún na nGall

D’fhógair Sean Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (22 Eanáir), go bhfuil deontas suas le €1,589.99 nó 76% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Forbartha Ghleann Bharr chun lomaire féir agus meaisín séideadh a cheannach.
Tá an maoiniú ceadaithe don choiste chun lomaire féir agus meaisín séideadh a cheannach le haghaidh tírdhreachú agus cóiriú thart ar an Ionad Pobail.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air deontas a chur ar fáil do Choiste Forbartha Ghleann Bharr agus go raibh sé cinnte go gcuideoidh sé leis an gcoiste leis an dea-obair atá idir lámha acu san Ionad ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de.
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.