Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan fionnachtain iarsmaí de bhád adhmaid atá 5,000 bliain d’aois in Abhainn na Bóinne in aice leis an nGráinseach Nua

Tá dátú eolaíochta tar éis deimhniú go mbaineann iarsmaí de bhád adhmaid a fuarthas in Abhainn na Bóinne in aice le Láithreán Oidhreachta Domhanda Brú na Bóinne leis an dtréimhse Neoiliteach, níos mó ná 5,000 bliain ó shin.

D’aimsigh ceathrar slatiascaire áitiúil an bád adhmaid i Meitheamh  2016 nuair a bhí siad ag iascaireacht ar an abhainn ag An Seandroichead, Contae na Mí. Chuir Stephen Murphy, Kieran Mahar, William Gregory agus David Johnston na húdaráis oidhreachta ar an eolas láithreach.

Is iad na hiarsmaí a fuarthas den árthach ná píosa adhmaid 3m ar fhad a bhíodh mar bhun an bháid. Meastar go raibh an bád adhmaid níos mó ná 4m ar fhad ar dtús, leis an gcrot deartha ó stoc seanchrann darach ag úsáid tuanna cloiche.

Tá an fhionnachtain seo ar cheann de 11 bád adhmaid aimsithe in Abhainn na Bóinne, ach is é seo an chéad bhád a aimsíodh a bhaineann leis an dtréimhse Neoiliteach – rinneadh dátú radacarbóin ar shampla den adhmad le tamall beag anuas agus fuarthas amach go mbaineann sé leis an dtréimhse idir 3,300-2,900RCh. Is í seo an tréimhse a tógadh na tuamaí pasáiste móra i gCnóbha, Dubhadh agus An Ghráinseach Nua.

D’oibrigh an tAonad Seandálaíochta Faoi Uisce laistigh de Sheirbhís na Séadchomharthaí  Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann i gcomhpháirt le chéile chun an bád a thaifeadadh agus é a bhaint amach go cúramach ó leaba na habhann agus a aistriú go dtí áiseanna an mhúsaeim, áit a bhfuil sé á caomhnú faoi láthair.

D’fhógair an tAire Madigan: “Ba mhaith liom buíochas mór a chur in iúl do gach duine a bhí páirteach sa bhfionnachtain seo a thuarascáil chomh tapaidh, rud a d’éascaigh a cúram agus a caomhnú leanúnach agus aimsiú an dáta eolaíochta spreagúil nua. Cuireann an t-eolas nua seo leis na fionnachtana seandálaíochta iontacha a rinneadh an samhradh seo thar Bhrú na Bóinne agus feabhsaíonn sé ár dtuiscint ar na daoine laistigh den tírdhreach speisialta seo, a bhí go mór faoi thionchar Abhainn na Bóinne a bhí mar chuid lárnach dá saolta. 

“Tá tábhacht suntasach ag baint leis an bhfionnachtain agus an dáta eolaíochta atá aimsithe anois mar go mbaineann siad leis an dtréimhse chéanna a tógáladh an Tuama Mhóir Pasáiste sa Ghráinseach Nua agus na tuamaí pasáiste iontacha eile atá mar chuid lárnach dár Láithreán Oidhreachta Domhanda i mBrú na Bóinne. Spreagann sé sinn chun machnamh a dhéanamh ar an ról a d’imir árthach dá leithéid i dtógáil na séadchomharthaí adhlactha seo agus i saolta iad siúd a thógáil iad, ag iompar daoine ar an abhainn, agus ag iompar ábhair agus clocha a úsáideadh chun na tuamaí iontacha a thógáil.”

Cuirfear sonraí leis an mBreathnóir Báid Bhriste ar líne de chuid na Roinne a láinseáladh níos lú i mbliana agus a chabhraíonn le léirthuiscint ar sheandálaíocht mhuirí agus abhann agus an ról tábhachtach a bhí ag báid agus longa i bhforbairt shochaí ár n-oileáin thar na mílaoiseanna a chur chun cinn.

CRÍOCH

 

Fotheidil Íomhánna:

https://filetransfer.chg.gov.ie/link/1i41ya0cGCBsuq9VBI1xgG

1        Aimsigh suíomh an bháid adhmaid ag féachaint suas an abhainn i dtreo Bhrú na Bóinne.

2        Athshlánú tosaigh an bháid adhmaid ón abhainn.

3        William Gregory agus Stephen Murphy (beirt de na haimsitheoirí) ag scrúdú an bháid adhmaid sular ardaíodh é ar bhruach na habhann (Droichead Mháire Mhic Giolla Íse, Brú na Bóinne, sa chúlra).

 

NÓTAÍ AN EAGARTHÓRA:

Breis Eolais:

Is iad báid adhmaid an cineál báid is coitianta atá le fáil sa taifead seandálaíochta in Éirinn le níos mó ná 560 samplaí aitheanta. Tá samplaí aimsithe i mbeagnach gach contae agus tá réimse fairsing dátaí ag baint leo a chuimsíonn an tréimhse Mhéisiliteach (circa 8000-4000RCh) suas go dtí an ochtú haoise déag. Baineann formhór na mbád leis an dtréimhse mheánaoiseach luath ó thimpeall AD400 go dtí AD1700.

Níl báid adhmaid réamhstairiúla chomh coitianta áfach agus níl ach seacht mbád eile cosúil leis an mbád adhmaid a aimsíodh ins An Seandroichead ar oileán na hÉireann a bhaineann leis an dtréimhse Neoiliteach (circa 4000 -2500RCh). Aimsíodh samplaí eile i mBearna, Contae na Gaillimhe; Loch Latharna, Contae Aontroma (dhá bhád); an Bhanna, Contae Ard Mhacha; Loch Eorna, Contae Fhear Manach; Abhainn Quoile, Contae an Dúin; agus Loch Cuan, Contae an Dúin.

Sonraí ar Dhátú

Dátú radacarbóin (ar a thugtar dátú carbóin nó dátú charbón 14 chomh maith) isea modh chun aois ruda le hábhar orgánach a ríomh trí airíonna iseatóip radaighníomhach de charbón a úsáid.

Tógadh an sampla ar mhaithe le dátú an bháid ón nDroichead Nua ó shraith sheachtrach den gcroí-adhmad.

Bhí an t-eolas seo leanas sa tuarascáil dátaithe:

Aois Radacharbóin BP 4410 + / -37

                                                                                2986- 2934                                           0.334

3266- 3235                                           0.059

3171- 3163                                           0.007

3116- 2914                                           0.883

 

Breathnóir Báid Bhriste

Seirbhís saor le húsáid isea an Breathnóir Bád Briste soláthartha ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Forbraíodh é chun rochtain éasca chuig Bunachar Sonraí  Fardal Báid Bhriste na hÉireann de chuid Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (WIID) a éascú agus chun cur leis an mBreathnóir Timpeallachta Stairiúla atá ann faoi láthair a sholáthraíonn rochtain chuig bunachair sonraí an Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí (SMR) agus an Fardal Náisiúnta d’Oidhreacht Sheandálaíochta (NIAH).

Léiríonn an Breathnóir Báid Bhriste na báid bhriste a bhfuil suíomh taifeadta againn dóibh agus tá siad seo léirithe ar an léarscáil chanbháis mar phoncanna dearga. Is ionann an ponc dearg agus lárphointe garbh aitheanta an bháid bhriste agus ní léiríonn sé a fairsinge geografach nó spásúil. Is ionann báid bhriste le suíomhanna aitheanta le tuairim is 22% (nuashonraigh agus seiceáil) de líon iomlán na dtaifead atá ag WIID; tá sonraí laistigh den WIID ar an líon iomlán bád briste nach bhfuil suíomh cruinn nó comhordanáid nó fairsinge taifeadta againn dóibh. As tuairim is 18,000 taifead níl suíomhanna cruinne ach ag 4,000 acu, ag fágáil tuairim is 14,000 bád briste inár mbunachar sonraí a bhfuil gá fós le suíomh a ríomh dóibh.

https://www.archaeology.ie/underwater-archaeology/wreck-viewer