Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan sparánachtaí nua de Markievicz

Cúig dhámhachtain bhliantúla €20,000 d’ealaíontóirí mná

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., inniu (Dé Céadaoin, an 21 Samhain) sonraí faoi scéim nua sparánachta d’ealaíontóirí mná – ‘sparánachtaí de Markievicz’.
Dúirt an tAire Madigan: “Ar an gcuimhneachán 100 bliain seo ar achtú reachtaíochta a cheadaigh do mhná seasamh in olltoghcháin, is deas liom scéim nua a fhógairt a léiríonn onóir ar an gCuntaois Constance de Markievicz – arbh ealaíontóir í féin – agus a thugann tacaíocht d’ealaíontóirí mná ó gach cúlra agus seánra chun saothar nua a tháirgeadh a dhéanann machnamh ar ról ban i gcaitheamh na tréimhse atá cumhdaithe ag an gcuimhneachán céad bliain agus ina dhiaidh.”
Déanfar dámhachtainí faoin scéim gach bliain le 5 ealaíontóir/scríbhneoir (bíodh ealaíontóirí aonair iad a oibríonn leo féin nó a chomhoibríonn le healaíontóirí eile) ar a mhéad, le luach uasta €20,000 an duine aonair nó an grúpa. Déanfaidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta comhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon maidir leis na socruithe rialachais agus riarachán na scéime.
Osclófar an scéim trí ghairm phoiblí ar ealaíontóirí mná a oibríonn i ngach seánra ealaíon lena dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon. Nuair a chuirtear an tábhacht san áireamh a bhaineann le gluaiseacht athbheochana na teanga i rith na tréimhse réabhlóidí, agus freagrachtaí ar leith na Roinne chun tacú leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, sannfar ceann amháin de na sparánachtaí gach bliain d’ealaíontóir a oibríonn sa Ghaeltacht agus a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Ina theannta sin, spreagfar iarratais faoin scéim ó dhaoine aonair nó grúpaí laistigh de phobail ina bhfuil éagsúlacht chultúrtha agus ó dhaoine faoi mhíchumas.
Lean an tAire Madigan ar aghaidh lena rá, “Cúis mhór shásaimh dom an lá inniu nuair a chuirtear san áireamh an tábhacht a bhaineann leis an gcultúr, an oidhreacht agus an Ghaeilge i dtaobh an Rialtais seo. Chuir an Taoiseach i gcuntas gealltanas an-phoiblí don mhéid a chaitear ar na healaíona agus an cultúr a dhúbailt faoin mbliain 2025. Céim thábhachtach eile é an lá inniu ar an mbóthar seo.”


NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Ba í an Chuntaois Constance de Markievicz an t-aon bhean as 17 n-iarrthóir mná sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn a toghadh in olltoghchán cinniúnach an 14 Nollaig 1918.
D’aithin an t-ealaíontóir oilte de Markievicz acmhainneacht na portráidíochta i dtaobh léiriú agus bolscaireacht pholaitiúil. Is suíomh oiriúnach agus cuí an Dánlann, ar an ábhar sin, d’fhógairt an Aire.
Baineann tábhacht le dáta an tseolta seo mar gheall gurb é an cuimhneachán céad bliain ar phíosa tábhachtach reachtaíochta a rith Parlaimint Westminster i 1918 – The Parliament (Qualification of Women) Act – a cheadaigh do mhná seasamh i dtoghchán i dtoghcháin pharlaiminteacha den chéad uair agus ar comhchéim le fir, a éascaíonn iarrthóireacht de Markievicz i mBaile Átha Cliath agus a comhghleacaí Shinn Féin, Winifred Carney, i mBéal Feirste.
Tá “Markievicz: Portraits and Propaganda” á thaispeáint ag an Dánlann Náisiúnta faoi láthair (an 27 Deireadh Fómhair-an 10 Feabhra 2019, Seomra 31, Cead Isteach Saor in Aisce)
https://www.nationalgallery.ie/art-and-artists/exhibitions/markievicz-portraits-and-propaganda