Foilsithe ar 

Fáilte á cur ag an Aire Humphreys roimh chistiú breise de €5 mhilliún le haghaidh Ealaíona, Oidhreacht agus an Ghaeltacht

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) go bhfuil €5 mhilliún breise de mhaoiniú faighte aici dá Roinn don bhliain 2016. Fágann sin gur fiú níos mó ná €315 milliún leithdháileadh iomlán 2016 le haghaidh Ealaíona, Oidhreacht agus an Ghaeltacht - méadú de bheagnach 14% ar an leithdháileadh in 2015.

Seo a leanas miondealú an chistithe breise:
· €2 mhilliún breise d'Ionad nua Mháire Mhic Róibín, Béal an Átha
· €1 mhilliún breise don Chomhairle Ealaíon in 2016
· €1 milliún breise le haghaidh Údarás na Gaeltachta
· €500,000 do Bhord Scannán na hÉireann, ar a dtabharfaí Fís Éire gan mhoill
· €500,000 de thacaíocht bhreise don Chomhairle Oidhreachta

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Leis an gcistiú breise seo, a fuarthas mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016, beifear in ann tacaíocht bhreise a chur ar fáil do roinnt réimsí tábhachtacha faoi mo Roinn. Tá lúcháir orm ach go háirithe go bhfuilimid anois, mar gheall ar an téarnamh geilleagrach, in ann tacú leis an gcéad Leabharlann Uachtaráin riamh in Éirinn, Ionad Mháire Mhic Róibín.

“Rachaidh an leithdháileadh breise do 2016 go mór chun tairbhe do líon áirithe comhlachtaí faoi scáth mo Roinne, is iad sin an Chomhairle Ealaíon, Údarás na Gaeltachta, an Chomhairle Oidhreachta agus Bord Scannán na hÉireann.

“Leis an maoiniú breise don Chomhairle Ealaíon beidh siad in ann na tacaíochtaí d’eagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre a fheabhsú, idir bheag is mhór, rud a léireoidh an tábhacht a bhaineann le tacaíocht a thabhairt dár mbuanna aitheanta ealaíonta agus cultúrtha.

“Cinnteoidh leithdháileadh méadaithe na bliana 2016 don Chomhairle Oidhreachta go gcosnófar agus go bhfeabhsófar a raon leathan clár lena n-áirítear maoniú na nOifigeach Oidhreachta, Seachtain na hOidhreachta, Oidhreacht i Scoileanna, an Clár Fionnachtana, Iontaobhas Comharthaí Fearann na hÉireann, Gréasán Mhúrbhailte na hÉireann agus clár na ndeontas pobail.

"Sa tseachtain chéanna inar scaoileadh Star Wars: The Force Awakens, is cúis áthais dom bheith in ann tacaíocht mhéadaithe do Bhord Scannán na hÉireann a fhógairt. Leis an infheistíocht mhéadaithe seo bainfear an leas is mó is féidir as na tairbhí a tháinig leis an méadú go €70 milliún ar an uasteorainn do chaiteachas incháilithe faoi Alt 481 d’fhaoiseamh cánach earnáil na scannán, a fógraíodh mar chuid de Cháinaisnéis 2016.”