Foilsithe ar 

Gach bóthar ag déanamh ar Ghaillimh do mhórócáid Chomórtha Céad Bliain


Comhdháil náisiúnta ollmhór in OÉ Gaillimh le cainteoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta mór le rá mar phríomhimeacht Chomhráití an Chéid - clár trí lá de chainteanna, díospóireachtaí, taispeántais agus taibhithe

Beidh cainteoirí mór le rá as Éirinn agus áiteanna ar fud an domhain ag teacht le chéile i nGaillimh idir an 10 agus an 12 Samhain chun páirt a ghlacadh i gComhráití an Chéid, mórthionscnamh de chuid Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Rinne an Taoiseach, Enda Kenny T.D, an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD sonraí chlár na Comhdhála trí lá agus na Féile imeallaí a fhógairt inniu (Dé hAoine, an 14 Deireadh Fómhair).

Is é príomhócáid na himeachta mórchomhdháil náisiúnta, atá saor in aisce don phobal, dar teideal ‘1916-2016: Dóchas agus Dúshlán na Ceannasachta Náisiúnta’. Mar chuid den chomhdháil, a bheidh á hóstáil ag OÉ Gaillimh agus ina mbeidh slua d’acadóirí, staraithe agus aíonna speisialta a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu ag glacadh páirte, déanfar cuid de na ceisteanna agus na dúshláin is tábhachtaí atá romhainn inniu a chíoradh agus a phlé. Osclóidh an Taoiseach an chomhdháil agus i measc na rannpháirtithe beidh an tAire Humphreys, an tOllamh Roy Foster (Ollscoil Oxford), an tOllamh Philip Pettit (Ollscoil Princeton), an tOllamh Louise Richardson (Ollscoil Oxford), an tOllamh Clair Wills (Ollscoil Princeton) agus an tOllamh Brendan O’Leary (Ollsoil Pennsylvania), chomh maith le hacadóirí as ar fud na hearnála tríú leibhéal in Éirinn.

Ag labhairt dó ag fógairt Chomhráití an Chéid, Gaillimh dúirt an Taoiseach Enda Kenny an méid seo: “ Is í an scéalaíocht ceann dár mbuanna náisiúnta is mó, agus baineann muid úsáid as litríocht, dráma, filíocht agus foirmeacha ealaíne eile leis na scéalta a insint. Den chuid is mó, áfach, is trí chomhráití a dhéanann muid é sin, i ngrúpaí beaga nó sluaite móra. I mbliana táimid ag déanamh iarracht taithí a fháil ar an saol i 1916 trí anailís stairiúil ach freisin trí chumhacht na scéalaíochta. Leis an gComhdháil Náisiúnta i nGaillimh éascófar malairt tuairimí agus dearcthaí maidir leis an am a chuaigh thart agus conas is féidir lenár dtuisint ar an am sin cuidiú linn an todhchaí a mhúnlú. Déanfaidh na himeachtaí fairsinge thart ar an gcomhdháil an comhrá a leathnú, agus meallfar lucht éisteachta agus meonta nua - agus cruthófar imeacht den scoth ní hamháin do Ghaillimh ach don tír iomlán.”

Dúirt an tAire Heather Humphreys: “Ba bhliain iontach í 2016 d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann. Agus muid ag druidim le deireadh na bliana seo de mhachnamh agus de chuimhneamh, tá sé in am dúinn súil a chaitheamh chun cinn agus bealaí a fhiosrú ina bhféadfaidh muid tógáil ar an eispéireas dearfach a bhí againn i mbliain chomórtha an chéid. Ba shaintréith dár gcur chuige i leith na bliana seo rannpháirtíocht an phobail, ní hamháin in imeachtaí an Chláir Chomórtha ach freisin sa phlé a bhí againn faoinár stair chasta. Mar sin de, tá áthas orm ach go háirithe go bhfuil cead isteach chuig an gComhdháil Náisiúnta saor in aisce agus mholfainn do gach duine freastal air, páirt a ghlacadh ann agus sult a bhaint as an imeacht uathúil spreagúil seo.

Bhi an méid seo le rá ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD: “Bhí páirt mhór ag rannpháirtíocht na mílte mac léinn, múinteoirí agus acadóirí, i ngach institiúid sa tír, sa rath a bhí ar an gClár Comórtha céad bliain i mbliana. Trí dheiseanna agus rochtain a chur ar fáil do chách lenár stair chomhroinnte agus an chiall atá le hÉireannachas sa lá atá inniu ann a fhiosrú, a fhoghlaim agus a phlé, léirítear luach agus tábhacht an oideachais inár saol.”

Chomh maith leis an gComhdháil Náisiúnta, beidh clár Imeallach, a coimeádadh go speisialta, de chainteanna, taispeántais, taibhithe agus imeachtaí speisialta ar siúl in OÉ Gaillimh agus in ionaid eile ar fud na cathrach.

Ar bhuaicphointí an chláir imeallaigh:

· Déanfaidh an Ceann Comhairle, Hector Ó hEochagáin, suí speisialta de Pharlaimint 2116 a thionól, ina gcuirfidh deichniúr aoichainteoirí tairiscint chúig nóiméad i láthair an Tionóil agus ina dhiaidh sin glacfar le ceisteanna ón lucht éisteachta.
· Féach ar an méid atá taobh thiar de na ceannlínte agus téigh ar thóir na fírinne casta, a bhíonn searbh go minic, le The Experts Bite Back, ina ndéanfaidh saineolaithe an méid atá maíte ag polaiteoirí agus na meáin i dtaca le ceisteanna conspóideacha le déanaí a sheiceáil ó thaobh fíricí de d’fhonn teacht ar fhírinne an scéil.
· Cuireann Sian Ní Mhuirí, ealaíontóir ar ar bronnadh an gradam 16 x 16 Next Generation, 16 and Rising i láthair, scéal faoi eagraíocht réabhlóideach rúnda de mhná agus fir a thagann le chéile in íoslach chun éirí amach a phleanáil a athróidh an chathair go hiomlán agus a chuirfidh dúshlán faoi shaol an 32ú Dáil.
· Tagann Tommy Graham, óstach na sraithe Hedge School, a bhfuil an-tóir uirthi, go Gaillimh le Scoil Scairte History Ireland: All Changed, Changed Utterly … from 1916 to Brexit. Plé as an ngnáth le go leor grinn!

Tá sonraí Chomhráití an Chéid, Gaillimh agus Clár iomlán na Comhdhála 1916 – 2016 Dóchas agus Dúshlán na Ceannasachta Náisiúnta, chomh maith le sonraí clárúcháin, ar fáil anois ag www.ireland.ie

Tá cead isteach chuig an gComhdháil Náisiúnta saor in aisce ach ní mór clárú lena haghaidh.


Nótaí do na hEagarthóirí

Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann. Tá sonraí uile an chláir ar fáil ag www.ireland.ie nó ar Facebook agus Twitter @ireland2016 #ireland2016