Foilsithe ar 

Gach rath á ghuí ag an Aire Humphreys ar ealaíontóirí Éireannacha ag Féilte Dhún Éideann 2017

Cultúr Éireann ag tacú le 7 gcompántas a bheidh ag cur a gcuid saothar i láthair ag an bhféile ealaíon is mó ar domhan

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, Clár Shárshaothar Chultúr Éireann do shéasúr Fhéilte Dhún Éideann 2017 inniu.
Tá sé 70 bliain ó bunaíodh Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann agus Féile Fringe Dhún Éideann.

Tá Cultúr Éireann ag tacú le suas le seacht compántas a gcuid saothar a chur ar taispeáint ag Féile Fringe Dhún Éideann, an féile ealaíon is mó ar domhan. Áirítear orthu sin trí léiriú ag Dance Base, dráma nua le hEoin Colfer agus leagan de Krapp’s Last Tape, arna léiriú ag Michael Colgan agus curtha i láthair ag Barry McGovern mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann. Beidh níos mó ná 50 scríbhneoir ag glacadh páirt i bhFéile Leabhar Idirnáisiúnta Dhún Éideann, rud a leagfaidh béim ar cháil na hÉireann as barr feabhais liteartha.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
"Tá sé tráthúil machnamh a dhéanamh anois ar an gcaidreamh fada saibhir atá ag ealaíontóirí Éireannacha le Féilte Dhún Éideann, agus 70 bliain ar an bhfód á cheiliúradh ag an ócáid. Le seachtó bliain anuas, tá deis á tabhairt le féilte Dhún Éideann d’ealaíontóirí na hÉireann a gcuid saothar a chur ar taispeáint, teagmháil a dhéanamh le tionscnóirí idirnáisiúnta, dul i bhfeidhm ar lucht féachana níos mó, tuilleadh conarthaí a fháil agus tríd an méid sin, gradaim agus rath criticiúil a bhaint amach. Tá tacaíocht tugtha ag Cultúr Éireann thar dhá bhliain déag do níos mó ná 70 compántas amharclannaíochta agus damhsa in Éirinn agus níos mó ná 100 scríbhneoir cuir i láthair a dhéanamh i nDún Éideann.

“Tá Cultúr Éireann ag leanúint ar aghaidh ag tacú le healaíontóirí na hÉireann i nDún Éideann mar, arís is arís, bhain na compántais úsáid as mar chéim i dtreo tuilleadh ratha idirnáisiúnta. Le blianta beaga anuas, bhain Corn Exchange le A Girl is a Half-formed Thing, Dublin Oldschool le Emmet Kirwan agus ealaíontóirí ar nós Pat Kinevane agus Olwen Fouéré, i measc go leor leor eile, aitheantas idirnáisiúnta, gradaim agus deiseanna amach mar gheall ar a mbunchur i láthair i nDún Éideann.

“Tá sé mar aidhm ag Clár Éire Ildánach an Rialtais ár gclú ar fud an domhain a thabhairt le chéile le teachtaireacht atá bunaithe ar an gcultúr agus an chruthaitheacht. Trí thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí na hÉireann lena gcuid oibre a thabhairt thar lear, tá scoth an tsaothair chultúrtha agus chruthaithigh Éireannaigh á chur ar taispeáint do lucht féachana idirnáisiúnta.

“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na healaíontóirí Éireannacha go léir atá ag taisteal go Dún Éideann agus tá mé cinnte go n-aithneofar iad as a mbarr feabhais ina réimsí cruthaitheachta, agus iad ag cothú caidreamh nua ag an am céanna, as a bhfásfaidh deiseanna oibre fiúntacha.”


Nótaí do na hEagarthóirí:

Féach thíos sonraí na n-ealaíontóirí, scríbhneoirí agus léiriúchán atá ag fáil tacaíocht ó Chultúr Éireann i nDún Éideann i bliana:
· Trí léiriúchán ag Dance Base: The Humours of Bandon, cumtha agus curtha i láthair ag Margaret McAuliffe agus arna stiúradh ag Stefanie Preissner do Fishamble: The New Play Company; Lear, léirithe ag John Scott Dance; Hope Hunt and The Ascension into Lazarus, cruthaithe agus curtha i láthair ag Oona Doherty.
· Ag Summerhall, beidh MALAPROP Theatre ag cur a n-eagrán dúbailte de léiriúcháin nuálacha, LOVE+/BlackCatfishMusketeer, ar taispeáint agus san ionad sin freisin beidh Eggsistentialism, cumtha agus curtha i láthair ag Joanne Ryan.
· Beidh dráma nua Eoin Colfer, My Real Life, le Don Wycherley ag cur faoi in Rainy Hall, Assembly Hall agus beidh To Hell in a Handbag, cumtha agus á chur i láthair ag Helen Norton agus Jonathan White, ar an stáitse ag The Assembly Rooms.
· Mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Dhún Éideann, beidh Barry McGovern, a bhfuil cáil ollmhór air as a thaibhithe de shaothair Samuel Beckett, ag filleadh ar Dhún Éideann le Krapp’s Last Tape a chur ar an ardán, leagan atá á stiúradh ag Michael Colgan i gcomhléiriúchán le Clare Street.
· Beidh Cultúr Éireann ag leanúint lena gcaidreamh le Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann agus beidh clár fairsing léitheoireachtaí agus taispeáintí ar bun le húdair iomráiteacha Éireannacha ó mhórán seánraí thar thréimhse coicíse. Ina ionad uathúil in Charlotte Square Gardens, léireoidh níos mó ná 15 scríbhneoir cáil na hÉireann as barrfeabhais liteartha ar fud gach stíl agus seánra le tacaíocht Chultúr Éireann.

Eolas faoi Chultúr Éireann:
Tá Cultúr Éireann, rannán den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, freagrach as ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí chláir shonracha deontais. Cruthaíonn Cultúr Éireann deiseanna freisin d’ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne na hÉireann agus tacaíonn sé leis na deiseanna sin, agus cuireann sé a gcuid saothar chun cinn ag féilte agus ionaid straitéiseacha idirnáisiúnta, amhail Féi