Foilsithe ar 

An tAire McHugh ag tacú le Bliain na Gaeilge 2018 Ceiliúradh idirnáisiúnta ar an nGaeilge a mhairfidh bliain iomlán

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., go bhfuil an plé i dtaca le pacáiste airgeadais chun tacú le ceiliúradh oifigiúil bliana ar an nGaeilge in 2018 beagnach tagtha chun críche.
Rinne an tAire McHugh an fhógairt i gCill Airne, Co Chiarraí, áit a sheol sé an ceiliúradh bliantúil ar an gcultúr, Oireachtas na Samhna. Bhí an méid seo le rá ag an Aire ag an ócáid: “Tá go leor oibre ar bun againn i saol na Gaeilge ó tionóladh Oireachtas na Samhna an t-am seo anuraidh. Tá bliain chrua caite againn ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, le Bille Teanga nua, leis an bpleanáil teanga, le cúrsaí buiséid agus le pleanáil don todhchaí. Beidh go leor gníomhaíochtaí ar siúl i gCill Airne sna cúig lá amach romhainn, ag cuimisú réimsí ar nós drámaíocht, scannáin, cultúr, teanga agus oidhreacht. Tá bliain thar a bheith speisialta romhainn in 2018. Déanfaidh Conradh na Gaeilge an clár atá leagtha amach acu do Bhliain na Gaeilge 2018 a sheoladh Dé Sathairn.
“Le cúpla mí anuas, tá oifigigh mo Roinne ag oibriú as lámha a chéile le Foras na Gaeilge, Údaras na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus leis na ceanneagraíochtaí eile ar mhaithe leis an choincheap seo a chur chun cinn. Tá comhráití ar bun faoi láthair i dtaca le pacáiste airgeadais a aontú d’imeachtaí na bliana agus tá mé dóchasach go bhfeicfidh muid toradh ar na cainteanna seo sula mbeidh Oireachtas na Samhna thart Dé Domhnaigh seo chugainn.
“Anuas ar thacaíocht ó mo Roinn féin, ba mhaith liom go bhfaighidh Bliain na Gaeilge tacaíocht ar fud an státchórais uilig agus, chuige sin, beidh mé ag caint arís le mo chomhghleacaithe sa Rialtas sna seachtainí amach romhainn. Tá tacaíocht an Taoisigh, atá i gCalifornia inniu, faighte agam don togra cheana féin agus tá spéis léirithe aige i gClár iomlán Bhliain na Gaeilge a sheoladh in éineacht liom féin roimh an Nollaig.
“Is ceiliúradh náisiúnta agus idirnáisiúnta a bheidh i mBliain na Gaeilge 2018 agus beifear ag tógáil, lena linn, ar an tsuim atá léirithe sa Ghaeilge sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Eoraip agus níos faide i gcéin. Chuige sin, tá foireann mo Roinne sna Forbacha agus foirne na n-eagras Gaeilge ag comhoibriú lena gcomhghleacaithe sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá ag obair faoi láthair ar Chlár Éire Ildánach agus a d’oibrigh freisin ar an Chomóradh Náisiúnta ar Éirí Amach na Cásca anuraidh.
“Beidh ról le himirt againn uilig sa cheiliúradh ar an bhliain seo chugainn ar mhaithe lenár scéal a insint do phobal an domhain – ár scéal go bhfuil an Ghaeilge beo léi agus go bhfuil pobal bríomhar Gaeilge ann, ní hamháin in Éirinn ach in áiteanna ar fud an domhain chomh maith.”