Foilsithe ar 

Dea-scéala do Theaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn Foghlaimeoirí Gaeilge

Is cúis áthais do Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne T.D., a fhógairt go bhfuil an deontas a íoctar le teaghlaigh Ghaeltachta a mbíonn Foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas acu méadaithe aige ó €9.50 go €10.00 in aghaidh an lae (€70.00 in aghaidh na seachtaine) ó 1 Aibreán 2017.

De réir an chomhthuiscint atá idir an Roinn agus na Coláistí Gaeilge Samhraidh íocann na coláistí íosmhéid de €1.20 as gach €1 a íocann an Roinn faoin Scéim. Mar sin beidh buntáiste breise fós á fháil ag na teaghlaigh Gaeltachta atá i gceist as an ardú seo. “Tá sé an-tábhachtach – laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht go leanfar leis an Scéim seo ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge” a dúirt an tAire Kyne. “Go deimhin is cuid lárnach é seo den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge” a dúirt sé.

Íocadh deontas i leith breis agus 26,000 foghlaimeoirí faoin Scéim i 2016, rud a léiríonn an tsuim mhór atá ag an aos óg taobh amuigh den Ghaeltacht i bhfoghlaim na Gaeilge. “Is cinnte go bhfuil an tionscail seo ar cheann de na tionscail is fearr agus is tábhachtaí sa Ghaeltacht agus tá tábhacht eacnamaíocht chomh maith le tábhacht buanú agus sealbhú na Gaeilge ag baint léi, agus gan na mná/fir tí ní bheadh aon scéim ann”, a dúirt an tAire.