Foilsithe ar 

Dearbhaíonn an tAire Stáit Kyne roimh an soláthar breise €1.5m do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileánda do 2019

D'fhógair Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil € 1.5 milliún breise daingnithe aige don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus d'Oileáin mar chuid de na Meastacháin Athbhreithnithe.
Fágann sé seo go mbeidh cistíocht iomlán €55.772m ar fáil sa Roinn don earnáil seo i 2019. Is ionann seo agus ardú 15% thar an soláthar a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2018. Anuas air an allúntas seo, cuirfear suim de €13.323m ar fáil don bhforas Teanga i 2019, rud a chiallaíonn go mbeidh iomlán den €69.095m ar fáil don earnáil.
Tá an maoiniú breise ceadaithe faoi na réimsí seo leanas:
Cistíocht bhreise €0.75m do Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (Reatha) na Roinne faoina gcuirtear cúnamh ar fáil i leith raon leathan tacaíochtaí teanga-lárnaithe sa Ghaeltacht, ina measc réimse an oideachais agus réimse na n-óg:
Leithdháileadh breise €0.5m de mhaoiniú caipitil d’Údarás na Gaeltachta in 2019. Ciallaíonn an fógra seo go mbeidh bunchistiú iomlán caipitil €9m ag an Údarás in 2019. Anuas air sin, tá cinneadh tógtha ag an Aire Stáit Kyne suim de €0.7m nár chaith a Roinn i 2018 a thabhairt ar aghaidh go 2019 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €9.7m á chur ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta.
Leithdháileadh breise €0.25m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne le caitheamh ar thograí leis an sprioc úsáid na Gaeilge i measc an phobail taobh amuigh den Ghaeltacht a mhéadú.
Dúirt an Aire Stáit: “Mar gheall ar an gcistíocht bhreise €1.5m thar an méid a bhí fógartha roimhe seo ar lá an Bhuiséid do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda, tá sé curtha ar chumas mo Roinne – ag obair as lámh a chéile le páirtithe leasmhara, níos mó fós a dhéanamh ar leas na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán. Mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, tá an-áthas orm € 1.5 milliún breise a bheith daingnithe agam don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, chomh maith leis an méid atá ceadaithe cheana fhéin ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Bhuiséad 2019.
“Is léiriú eile é maidir le tiomantas an Rialtais tacú tuilleadh le cur chun feidhme Plean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas sa samhradh. Sa phlean sin, leagtar amach an méid a dhéanfar idir seo agus 2022 ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Taoiseach, Leo Varadkar TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí, Paschal Donohoe TD agus mo chomhghleacaí sa Roinn, an tAire Josepha Madigan, as a gcuid oibre chun an maoiniú breise seo a fháil agus a léiríonn a dtiomantas don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin.”
Nuair a chuirtear an ciste €2.8m atá curtha ar fáil d’Údarás faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe san áireamh (feic thíos), chomh maith leis an gciste faoi leith ar fiú €2m do Pháirc na Mara, Cill Chiaráin atá curtha ar fáil don Údarás faoin gCiste um Forbairt Fiontraíochta Réigiúnaí, fágann sé seo go mbeidh ciste caipitil €14.5m ar fáil don eagraíocht in 2019. Aithníodh roimhe seo gur cuspóir a raibh riachtanas faoi leith leis go mbeadh soláthar €12m ar fáil don Údarás do thograí caipitil.


Nóta don Eagarthóir

An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Fógraíodh ar 23 Samhain go mbeidh maoiniú caipitil de €2.8m á chur ar fáil do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe. Is faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe a cuireadh an t-allúntas ar fáil do 3 thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta, eadhon:

  • · €1.5m chun an t-urlár bairr neamhfhorbartha de gteic @Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus 1,725 sq.m de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil;
  • · €548k chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic @An Spidéal a fhorbairt i gConamara;
  • · €795k chun 8 nIonad Nuálaíochta/Moil Dhigiteacha/Láthair Barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo ag áireamh Béal an Mhuirthead, An Eachléim, Gaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh;


An Ciste um forbairt fiontraíochta réigiúnach

Fógraíodh ar 3 Nollaig go mbeidh maoiniú caipitil de €2m á chur ar fáil do MICD Páirc na Mara, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo, chun ionad nuálaíochta agus forbartha mara a fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe.

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo chun 1,800 méadar cearnach de spás fiontraíochta agus gorlainne a fhorbairt d’fhiontair mara agus taighde. Beidh traenáil, oiliúint sonrach agus tacaíochtaí gnó ar fáil ón ionad a bhfuil sé mar sprioc aige tacú le cruthú 200 post ar Pháirc na Mara.