Foilsithe ar 

Deontas ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Chomhairle Mhuintir an Chaisil

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (29 Eanáir), go bhfuil deontas suas le €2,495 nó 50% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Chomhairle Mhuintir an Chaisil le cur ar a cumas oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ag Ionad Pobail an Chaisil.

Is i gcomhréir leis na bearta 2.13 agus 2.22 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.