Foilsithe ar 

Deontas suas le €225,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choláiste Uisce chun an Ghaeilge a chur chun cinn i meas déagóirí

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 1 Márta, go bhfuil deontas suas le €225,000 ceadaithe aige do Choláiste UISCE Teo., Cuan Eilí, An Eachléim, Co Mhaigh Eo, chun cur ar a gcumas a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích ar mhaithe leis an nGaeilge a threisiú mar phríomhtheanga labhartha, go háirithe i measc daoine óga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

Ag fógairt an deontais dó agus é ar thuras chuig an gcoláiste, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Coláiste UISCE i bhfianaise na hoibre a dhéanann sí ar leithinis na hEachléime atá ar leas na Gaeltachta agus gheilleagair an cheantair

Dúirt an tAire Stáit “Déanann lucht an Choláiste obair fhónta i Maigh Eo Thuaidh i gcur chun cinn na Gaeilge agus ó thaobh sealbhú na teanga, go háirithe i measc dhaoine óga, Agus an maoiniú suntasach seo á cheadú agam, tá mé ag súil leis go mbeidh Coláiste UISCE in ann leas a bhaint as i bhforbairt cúrsaí Cinnireachta san ionad agus tugann sé sásamh ar leith domsa go mbeidh go leor de na gníomhaíochtaí dírithe ar dhéagóirí ón na scoileanna Gaeltachta agus na Gaelcholáistí. Fágann sé seo ar fad gur beart an-phraiticiúil atá san allúntas atá a cheadú - a bheidh ar leas an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon."

Is i gcomhréir le gníomhartha 2.13 agus 2.14 den Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi Réimse Gnímh 2: An Ghaeltacht i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá an maoiniú seo á cheadú.