Foilsithe ar 

Deontas €154,800 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do CLG Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 22 Samhain 2018, go  bhfuil deontas €154,800 ceadaithe aige do Chumann Peile Thuar Mhic Éadaigh, chun cuidiú leo leis an bhfoirgneamh atá tógtha ag Páirc Naomh Muire, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo.

 

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is club an-ghníomhach é Cumann Peile Thuar Mhic Éadaigh agus tá sé tábhachtach go mbeadh a leithéid d’áis ar fáil i gceantar Gaeltachta chun a chinntiú go mbíonn chuile deis ag muintir an cheantair, go háirithe daoine óga, an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn.”

 

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.