Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit Seán Kyne roimh mhaoiniú do thograí Gaeltachta faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Cuireann Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin fáilte mhór roimh an bhfógra  atá déanta ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring T.D. go mbeidh maoiniú caipitil de €1.06m á chur ar fáil do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí Chiarraí agus Chorcaí.

Tá an maoiniú ceadaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do cheithre thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta mar seo leanas.

  • €415,000 ceadaithe chun máistirphlean a réiteach d’athfhorbairt shean ospidéal an Daingin i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí mar Ionad Nuálaíochta, Ionad/Eispéireas Cuairteoirí, Spásanna Cruthaitheachta, foghlamtha agus foirgneamh a bheidh ina eiseamláir ó thaobh éifeachtacht fuinnimh
  • €292,500 chun tacú le dearadh do fhorbairt réimse áiseanna nua pobail, spóirt agus oideachais i mBaile an Fheirtéirigh i gCo. Chiarraí.
  • €174,351 ceadaithe do fhorbairt tograí aitheanta i bPlean Gníomhaíochta Uíbh Ráthach i gCiarraí Theas a forbraíodh de réir gnímh sa bPlean Gnímh um Fhorbairt Tuaithe Náisiúnta; Tacóidh an maoiniú le feidhmiú an phlean a mbeidh fostú Bainisteoir Tionscnaimh lárnach do fhorbairt tograí aitheanta.
  • €180,000 ceadaithe chun máistirphlean a fhorbairt do Champas Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí a leagfaidh amach an cás eacnamaíochta, pleanála agus timpeallachta don fhoirgnimh agus na tailte mórthimpeall.

Agus é ag cur fáilte roimh  an mhaoiniú seo dúirt an Aire Stáit: “Táim cinnte go gcabhródh  an maoiniú  seo leis an Údarás na  tograí straitéiseach pobail, fiontraíochta agus teanga seo a chur chun chinn agus a fhorbairt.  Cuirim fáilte ar leith roimh an tacaíocht atá geallta, atá le cur le tacaíocht an Údaráis, d’fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh. Ní miste dom a rá gur soláthar breise é seo d’Údarás na Gaeltachta anuas ar an soláthar méadaithe de €9.7 atá curtha ar fáil don eagraíocht do 2019”.