Foilsithe ar 

Fíordheis gheilleagrach tagtha chun cinn d’oideoirí Gaeilge Mac Fhionnlaoich

Inniu (Déardaoin, 22 Meán Fómhair 2011), sheol Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Aire Stáit na Gaeltachta,

Inter-changes: Irish Language Learning & Teaching in the US, Conference & Research Report

go hoifigiúil sa Keogh Naughton Notre Dame Centre, Teach Uí Chonaill, 58 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.

Ag labhairt dó ag seoladh an

Inter-changes: Irish Language Learning & Teaching in the US Research and Conference Report,

a choimisiúnaigh Coimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (Fulbright), dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich

“Tá fíordheis gheilleagrach tagtha chun cinn d’oideoirí agus d’fhoilseoirí Gaeilge chun ábhar teagaisc a chruthú d’fhoghlaimeoirí agus do theagascóirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe a chuimsíonn teagmháil níos mó le cainteoirí líofa agus dúchasacha Gaeilge.  Tá an tuarascáil seo thar a bheith tráthúil ó tharla Rialtas na hÉireann bheith ag ullmhú d’Fhóram an Diaspóra Domhanda i mí Dheireadh Fómhair.”

Cuirtear béim sa tuarascáil ar dhíograis na dteagascóirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus an t-uaigneas a bhíonn orthu ag an am céanna.  D’fhéadfaí dul i ngleic leis sin trí chumann múinteoirí a bhunú agus acmhainní a roinnt.  Beidh an t-eolas a bailíodh ina bhuntáiste freisin i gcur i bhfeidhm na

Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge

.  Sainaithnítear sa tuarascáil 87 institiúid acadúil agus neamhacadúil ina múintear an Ghaeilge.

“Is údar mór dóchais é an leibhéal ard spéise atá i bhfoghlaim na Gaeilge sna Stáit Aontaithe.  É sin ráite, ceapann beagnach dhá thrian de na teagascóirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe go bhfuil na hacmhainní teagaisc reatha ‘measarta, go dona nó go han-dona’. Tá deis ann ábhar níos fearr a chruthú – téacsleabhair, treoirleabhair ghramadaí agus fuaimnithe, tacaí ilmheáin agus gréasánbhunaithe.  Chomh maith leis sin, chuirfeadh oiliúint nó tacaíocht de chineál éigin do theagascóirí na teagascóirí sin ar an eolas faoi na hacmhainní atá ann cheana féin,”

a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich.

 

“Mar Aire le freagracht as Gnóthaí Gaeltachta, tuigim an comhoibriú agus an chomhiarracht atá déanta agus an tuarascáil seo á hullmhú agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo chuid oifigeach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le Rialtas na Stát Aontaithe, leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí na Stát Aontaithe ar nós Ollscoil Notre Dame, as a dtacaíocht agus a gcomhoibriú leanúnach ar ghradaim agus ar ghníomhaíochtaí na Gaeilge – ní neart go cur le chéile,”

a dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich.

Críoch.