Foilsithe ar 

Na chéad pleananna teanga ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu (Déardaoin) go bhfuil pleananna teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir chomh maith leis an limistéar: Cloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, Co Dhún na nGall agus Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is iad seo an chéad trí phlean atá ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis in 2014. Fágann sé seo go mbeidh feidhmiú na bpleananna teanga sna trí cheantar faoi leith ag tosú gan mhoill. Beidh Údarás na Gaeltachta ag dul i gcomhar leis na trí cheanneagraíocht pleanála teanga chun tús a chur le feidhmiú na bpleananna sna ceantair go luath.

Faoi réir an tsocraithe a fógraíodh ag tús mhí Aibreáin, beidh allúntas ar fiú suas le €100,000 thar tréimhse 12 mhí iomlán á chur ar fáil i leith gach limistéir ina cheadaítear plean teanga chun tús a chur le feidhmiú na bpleananna sa bhliain reatha. Cuimseofar san allúntas seo tuarastal Oifigeach Pleanála Teanga a mbeidh na ceanneagraíochtaí in ann a fhostú de réir mar a oireann, chun cabhrú le cur i bhfeidhm na bpleananna aontaithe.

Ag labhairt dó in Amharclann Gaoth Dobhair ag ócáid a eagraíodh chun aitheantas a thabhairt do thosú na céime is tábhachtaí den phróiseas, eadhon, feidhmiú pleananna teanga, dúirt an tAire Stáit gur céim mhór chun tosaigh é go bhfuil tús ar tí a bheith curtha le feidhmiú pleananna teanga i dtrí cheantar Gaeltachta faoi leith.

Dúirt an tAire Stáit: “Le ceadú na bpleananna seo tá tús curtha leis an chéim is tábhachtaí den phróiseas, is é sin cur i bhfeidhm pleananna teanga ina mbeidh na riachtanais leagtha síos de réir mar a aithnítear iad go háitiúil. Leis an allúntas airgid ar fiú suas le €100,000 é in aghaidh gach ceantair, beidh na pobail Ghaeltachta ábalta tosú anois ar fheidhmiú a gcuid pleananna agus tionchar níos mó ná riamh a imirt dá réir ar staid reatha na Gaeilge le cuidiú leanúnach mo Roinne, Údarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile.

"Ba mhaith liom tréaslú leis na trí cheanneagraíocht a thosaigh an próiseas pleanála teanga seo ar an chéad dul síos i nGaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir, i gCloich Cheann Fhaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh i nDún na nGall agus i gCois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe. Ba phróiseas nua é seo do na pobail Ghaeltachta seo ach thug siad faoi le dúthracht agus le fuinneamh. Tuigtear dom ar ndóigh go mbeidh na ceanneagraíochtaí pleanála teanga ag seoladh a bpleananna teanga féin go háitiúil agus is maith an rud é sin chun go mbeidh na pobail a mbíonn siad ag freastal orthu ar an eolas faoin phróiseas, ar an phlean oibre a bheidh aontaithe agus an tábhacht a bhaineann leis. Is féidir a bheith cinnte de go mbeidh mo Roinn féin i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ar fáil chun cuidiú leis an ghné sin den scéal cibé bealach a oireann.”

Táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith suas le 8 limistéar eile réitithe le cur faoi bhráid na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana.


Nóta don eagarthóir
Den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá an próiseas tosaithe i 23 limistéar agus táthar ag súil leis go mbeidh sé tosaithe sna trí limistéar eile faoi dheireadh na bliana, eadhon: Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; agus an tEachréidh.

Táthar ag súil leis go mbeidh pleananna i leith na limistéar a leanas á gcur faoi bhráid na Roinne chun críche faofa faoi Acht na Gaeltachta idir seo agus deireadh na bliana:

· Ciarraí Thiar;
· Ciarraí Theas;
· Na Déise;
· An Cheathrú Rua;
· Múscraí;
· Ceantar na nOileán;
· Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh; agus,
· Conamara Láir.


Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta sa Ghaeltacht, bainfidh Údarás na Gaeltachta úsáid as an allúntas thuasluaite ar fiú €735,000 é, chun an próiseas mar a bhaineann sé le hullmhú pleananna teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta: Daingean Uí Chúis, Béal a Mhuirthead agus An Clochán Liath a bhrú chun cinn sa bhliain reatha.

Beidh Foras na Gaeilge ag baint úsáid as an allúntas €115,000 a ceadaíodh dóibh chun an próiseas ullmhúcháin pleananna teanga a bhrú chun cinn i mbliana i gCathair na Gaillimhe, i gCathair Chorcaí, i Leitir Ceanainn, i dTrá Lí agus i nDún Garbhán. Bainfear leas as an gciste chomh maith chun ullmhúchán pleananna i leith na Líonraí Gaeilge: Cluain Dolcáin; Inis, Co. an Chláir agus Baile Loch Riach, Co. na Gaillimhe a bhrú chun cinn.

In éindí leis an gcistíocht phleanála teanga thuasluaite, beidh an clár leathan scéimeanna, bearta agus tionscnamh - atá maoinithe ón státchiste, á gcur i bhfeidhm i gcaitheamh an ama ag an Roinn, ag Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge, rud a bheidh mar thaca leanúnach don phróiseas pleanála teanga.

Beidh tréimhse fhorfheidhmithe 7 mbliana i gceist le pleananna teanga agus tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithniú eatramhach ar gach plean teanga i mbliain 3 agus athbhreithniú críochnúil i mbliain 6 den chur i bhfeidhm de ghnáth.

Tuilleadh eolais http://www.chg.gov.ie/