Foilsithe ar 

Plean Teanga do Chontae Chill Dara seolta ag an Aire Stáit Seán Kyne TD

Tá Plean Teanga 2019-2023 do Chontae Chill Dara seolta ag Seán Kyne TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin.

Ag labhairt dhó ag an seoladh in Áras Chill Dara, Condae Chill Dara, dúirt an tAire Stáit: Leagann plean teanga Chontae Chill Dara amach creatlach chun an Ghaeilge a fhorbairt i gContae Chill Dara. Tugtar aghaidh inti ar riachtanais na ndaoine úd a labhraíonn an Ghaeilge, iadsan ar mian leo í a fhoghlaim agus ar mhianta iadsan a thacaíonn léi.

Tabharfaidh an maoiniú atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge agus Comhairle Chontae Chill Dara  an deis do Sult na Sollán aghaidh a thabhairt ar raon rudaí a dhéanamh go háitiúil chun cuidiú tuilleadh le staid na Gaeilge mar theanga sa cheantar.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag súil leis go mbeidh na páirtithe leasmhara ar fad a bhí ábalta tionchar a imirt ar an gceantar sásta páirt ghníomhach a ghlacadh chun staid na Gaeilge a threisiú – rud a bheidh chun leasa na Gaeilge agus an ceantar araon.