Foilsithe ar 

Plean teanga Mhaigh Eo Thuaidh ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., inniu (6ú Lúnasa 2018) go bhfuil plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga: Maigh Eo Thuaidh ceadaithe aige faoin bpróiseas pleanála teanga. D’fhógair sé chomh maith go mbeidh allúntas bliantúil €100,000 á chur ar fáil faoin bpróiseas le cabhrú leis an eagraíocht: Gaeilge Iorrais an plean a chur i bhfeidhm, agus Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú.

 

Dúirt an tAire Stáit: Le ceadú an phlean agus an chiste bhliantúil €100,000, beidh an eagraíocht: Gaeilge Iorrais in ann tosú láithreach, i gcomhar agus ar leas phobal Mhaigh Eo Thuaidh, ar fheidhmiú an phlean agus tionchar níos mó ná riamh a imirt dá réir ar staid reatha na Gaeilge sa cheantar. Tréaslaím leis an eagraíocht as an obair uile atá déanta acu go dáta chun an plean seo a ullmhú.  Ní gá a rá go bhfuilim féin agus mo chuid oifigigh agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag súil go mór le bheith ag leanúint orainn ag oibriú as lámh a chéile leis an cheanneagraíocht chun a bplean a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a chur ar bhonn níos láidre i gceantar Iorrais."

 

Nóta don eagarthóir

Is é seo an naoú plean a bheith ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga. Is iad na limistéir eile a bhfuil plean teanga ceadaithe ina leith go dtí seo ná:

  •  Cois Fharraige;
  •  Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;
  •  Cloch Chionaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;
  •  Na Déise,
  •  Muscraí
  •  Chiarraí Theas
  •  Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh; agus,
  •  Ciarraí Thiar

Tá 4 phlean eile á mheas ag an Roinn faoi láthair agus táthar ag súil leis go mbeidh suas le 15 plean in iomlán ceadaithe faoin bpróiseas faoi dheireadh na bliana.

 

Bailte Seirbhíse agus Líonraí Gaeilge

Mar chuid den phróiseas chomh maith tá pleananna á n-ullmhú faoi láthair i gcás na mbailte a leanas: Leitir Ceanainn; Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus Cathair Chorcaíí. Táthar ag súil leis go gcuirfear tús le hullmhú pleananna i gcás Dún Garbháin, Trá Lí, An Chlocháin Liath agus Chaisleán an Bharraigh roimh dheireadh na bliana.  

Ina theannta sin tá ullmhúchán pleananna idir lámha - faoi stiúir Fhoras na Gaeilge i leith na Líonraí Gaeilge: Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Táthar ag súil leis go gcuirfidh Foras na Gaeilge pleananna ina leith faoi bhráid na Roinne lena cheadú roimh dheireadh na bliana.

Cúrsaí airgeadais

D’fhógair an tAire Stáit le gairid go raibh cistíocht ar fiú €1.7m in iomlán curtha ar fáil aige d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge chun cabhrú le cur i bhfeidhm an phróisis sa bhliain reatha.  Bainfear leas as an gcistíocht seo chun tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga agus le ceapadh Oifigigh Pleanála Teanga i gceantair a bhfuil plean ceadaithe ina leith. Ceapadh an chéad Oifigeach Pleanála Teanga faoin bpróiseas le gairid i nGaeltacht Dhún na nGall.

 

Is i gcomhréir le bearta 2.1, agus 2.3 sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge atá an méid thuasluaite déanta. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga agus faoin bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 ar fáil ar shuíomh na Roinne: www.chg.gov.ie