Foilsithe ar 

Suas le 180 post ar fáil do Theangeolaithe i Seirbhísí Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh

  • Sharon Ní Bheoláin ina hóstach ar an ócáid lainseála
  • Tá comórtas aistriúcháin lena dtairgtear 62 phost lainseáilte inniu

20160609 SeanKyneEUjobs

An tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne ag caint ag an ócáid


Táthar ag súil go gcuirfear níos mó ná 180 post ar fáil d'aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg idir seo agus 2021. Tá tús curtha inniu le feachtas earcaíochta don chéad 62 post d’aistritheoirí.

Fógraíodh na poist inniu ag seisiún eolais i mBaile Átha Cliath arna óstáil ag Sharon Ní Bheoláin ó RTÉ. Bhí an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, an tUasal Rytis Martikonis, ceannasaí Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach agus Sarah Rooney ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne i láthair ag an ócáid.

Dúirt Seán Kyne TD, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go léiríonn an fógra seo na cúiseanna praiticiúla ar a dtabharfadh mic léinn óga faoi staidéar na Gaeilge. “Is minic a bhraitheann daltaí scoile gur beag tairbhe atá ann dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim. Is iontach an deis í seo chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach agus chun próifíl ár dteanga náisiúnta a ardú trasna na hEorpa.”

Ghríosaigh an tUasal Martikonis Éireannaigh chun iarratas a dhéanamh ar na poist. “Is tréimhse spleodrach í seo do phobal na Gaeilge. Tá institiúidí an Aontais Eorpaigh tiomanta go hiomlán agus beidh siad ag obair i ndlúthchomhar le hÉirinn chun tabhairt faoi na dúshláin atá roimpi. Is deiseanna iontacha iad na poist seo agus molaim daoibh go léir cur isteach orthu agus páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na hEorpa. ”

Is féidir iarratas ar phost a dhéanamh ach gabháil chuig www.jobs.eu-careers.eu. Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, iad siúd a gheobhaidh a gcéimeanna an samhradh seo san áireamh. Ní foláir d’iarrathóirí cumas sármhaith a bheith acu sa Ghaeilge agus eolas maith a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais ar a laghad agus an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis mar cheann amháin acu. Tosaíonn an scála tuarastail do na poist ag €4,384 sa mhí. D’fhéadfadh sé go mbeadh fáil ag iarrthóirí a n-éireoidh leo ar liúntais bhreise freisin ag brath ar a gcuid cúinsí pearsanta.


Nóta d’Eagarthóirí
Fuair an Ghaeilge aitheantas mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontais Eorpaigh i 2007. Ó shin i leith, tá maolú i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí a gcaithfear a chur ar fáil i nGaeilge. I Nollaig 2015, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh rialachán nua a bhfuil sé mar sprioc aige deireadh a chur leis an maolú ag deireadh 2021. Tá institiúidí an Aontais ag ullmhú anois le seirbhísí Gaeilge a sholáthar ar chomhchéim leo siúd a sholáthraítear do theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, seoladh an comórtas inniu chun aistritheoirí Gaeilge a earcú agus dúnfar ar an 12ú Iúil é. Beidh suas le 62 post ar fáil d’aistritheoirí Gaeilge agus beidh na poist sin sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.