Foilsithe ar 

Táthar ag súil le níos mó ná 50,000 duine ag ócáid speisialta comórtha céad bliain an deireadh seachtaine seo chun blaiseadh a fháil den fheirmeoireacht agus den saol faoin tuath in Éirinn sa bhliain 1916

Is ceann de na himeachtaí is mó faoin spéir a bheidh ar bun i mbliana mar chuid d'Éire 2016 é Feirmeoireacht agus Saol na Tuaithe 1916, lena dtugtar deis do dhaoine taithí a fháil ar an saol mar a bhí sé faoin tuath in Éirinn céad bliain ó shin.

 

Mar chuid den ócáid, a bheidh ar siúl thar dhá lá an deireadh seachtaine beag seo (Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 10 agus 11 Meitheamh) ar Champas stairiúil Mellows i dTeagasc, Baile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe, beidh taispeántais, athrisí, léachtaí agus léirithe, agus beidh raon de phórtha beostoc ann ón am sin. Leis an imeacht seo tabharfar léargas luachmhar ar shaol agus obair na bpobal faoin tuath in Éirinn i 1916, agus beidh ábhar ann do chách; muintir na cathrach agus na tuaithe, óg is aosta.

 

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, a bheidh i láthair ag an ócaid Dé Sathairn: “Is é seo an imeacht is mó de chuid Éire 2016 taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath go dtí seo i mbliana, agus táthar ag dréim leis go dtabharfaidh na mílte duine cuairt ar Bhaile Átha an Rí le linn an deireadh seachtaine. Tabharfar cuairteoirí ar thuras siar sna blianta chuig saol na tuaithe in Éirinn sa bhliain 1916, agus foghlaimeoidh siad conas mar a bhí cúrsaí 100 bliain ó shin. Cé go raibh imeachtaí na Cásca 1916 dírithe ar Bhaile Átha Cliath, bhí tionchar acu ar an tír iomlán. Tá pobail ar fud na tíre ag breathnú ar a stair le linn 2016, agus tabharfaidh imeacht uaillmhianach seo de chuid Teagasc léargas dúinn ar shaol mhuintir na tuaithe in Éirinn i 1916 trí raon athachtuithe, taibhithe, plé agus díospóireachtaí beoga.”

 

I measc bhuaicphointí na hócáide tá

 

  • Ardáin le haghaidh imeachtaí, ar a mbeidh ceol beo agus taibhithe amharclannaíochta
  • Macasamhail ar cóimhéid le hArd-Oifig an Phoist ina mbeidh taispeántais idirghníomhacha agus aithrisí
  • Sráidbhaile le taispeántais ceardaíochta agus bia
  • Plé, díospóireachtaí agus léachtaí painéil a bhaineann le saol na tuaithe agus feirmeoireacht
  • Taispeántas de bheostoc agus innealra feirme ó 1916, lena n-áirítear innealra gaile

 

Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOll. Gerry Boyle, ”Mar chuid de Feirmeoireacht agus Saol na Tuaithe 1916 féachfar ar go leor de na téamaí a d’imir tionchar ar Éirinn na linne seo ar nós réabhlóid na talún, spórt agus cultúr, ról na mban, meicniú na feirmeoireachta agus táirgeadh bia. Tá dea-thoil iontach mór ann i leith an tionscadail seo agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don spiorad comhoibrithe atá feicthe agam agus an ócáid seo á hullmhú.  Tugaim cuireadh do chuile dhuine ar fud na hÉireann bheith páirteach sa cheiliúradh náisiúnta seo.”

 

Is tionscnamh de chuid Teagasc é Feirmeoireacht agus Saol na Tuaithe 1916, mar chuid d’Éire 2016. Tá sé á chur i láthair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae na Gaillimhe agus faigheann sé tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

 

Tá plean mór bainistíochta tráchta curtha le chéile ag na Gardaí do dhá lá na hócáide. Moltar do chuairteoirí úsáid a bhaint as iompar poiblí nuair is féidir, agus beidh seirbhís bus tointeála saor in aisce ar fáil idir Stáisiún Traenach Bhaile Átha an Rí agus láthair na hócáide.

 

Tá na sonraí go léir ar fáil ag www.ireland.ie agus www.teagasc.ie/1916