Foilsithe ar 

Ainmniúcháin do bhord Údarás na Gaeltachta á lorg ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. inniu (30 Iúil 2012) go bhfuil a Roinn ag lorg léirithe spéise ó dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit: "Tá lúcháir orm a fhógairt inniu go bhfuil mé ag cur tús leis an bpróiseas ceapacháin do bhord nua Údarás na Gaeltachta, i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta 2012. Táim ag súil go ndéanfaidh daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí acu iarratais faoin bpróiseas um léiriú spéise atá á fhógairt agam inniu."

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá deireadh curtha leis an riachtanas do thoghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta feasta agus tá líon na gcomhaltaí ar an mbord le laghdú ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapfaidh an tAire seachtar comhalta, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmneoidh comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta. Ní rachaidh téarma oifige na gcomhaltaí thar cúig bliana.

Ní mór do gach duine a cheapfar ar bhord Údarás na Gaeltachta taithí a bheith acu ar ghnóthaí atá ábhartha d'fheidhmeanna an Údaráis, nó cumas a bheith léirithe acu ina leith, lena n-áirítear:

· cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga;

· forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta;

· forbairt pobail; agus

· cur chun cinn na n-ealaíon.

Chun a gcuid dualgas a chur i gcrích go héifeachtach, ní mór go mbeadh Gaeilge líofa ag comhaltaí an bhoird.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas um léiriú spéise ar fáil ag www.publicjobs.ie. Ní mór do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta iarratais a dhéanamh ar líne ag www.publicjobs.ie faoi 5.00 i.n. ar an 17 Lúnasa 2012.