Foilsithe ar 

Bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

Tá bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D, inniu (20 Samhain 2012). Tá Anna Ní Ghallchóir, Stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ceaptha ina Cathaoirleach ar an mbord mar aon le deichniúr comhalta eile.

Ceapadh ceathrar comhalta ar ainmniúcháin Comhairlí Contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndlínse. Níl ainmniúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall á dhaingniú go dtí go gcríochnófar próiseas fiosrúcháin atá ar siúl faoi láthair mar thoradh ar líomhaintí áirithe atá déanta.

Dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air na ceapacháin a fhógairt agus go raibh sé cinnte go rachaidh bord nua Údarás na Gaeltachta i mbun a chuid oibre le fuinneamh agus le dúthracht. "Is cinnte go bhfuil am dúshlánach roimh Údarás na Gaeltachta ach rachaidh an cumas, an taithí agus an réimse leathan scileanna atá ag na comhaltaí seo go léir chun sochar go mór d'Údarás na Gaeltachta agus do phobal na Gaeltachta araon sna blianta amach romhainn," a dúirt an tAire Stáit.

Ghabh an tAire Stáit buíochas le hiarchomhaltaí an Údaráis agus thréaslaigh sé leo as na torthaí fónta atá bainte amach ag an Údarás mar gheall ar a dtionscnaíocht agus a ndúthracht.

Comhaltaí bhord nua Údarás na Gaeltachta

Anna Ní Ghallchóir (Cathaoirleach)

Stiúrthóir, Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Ó Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall ó dhúchas.

Seán Ó Cuireán

Ón bhFál Carrach i gCo. Dhún na nGall. Dlíodóir agus bainisteoir ar ionad saorálaí Dhún na nGall.

Cathal Seoighe

Ó Dhoire Longáin, Áth Buí, Co. na Mí. Iarchomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta. Ainmnithe ag Comhairle Contae na Mí.

Dairíona Nic an Iomaire

Príomhoide ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, Gaillimh. Ó Cheantar na nOileán i gConamara ó dhúchas.

Eunan Mac Cuinneagáin

Bainisteoir Réigiúnach ar WESTBIC i gCill Charthaigh, Co. Dhún na nGall. Ón gCarraig i gCo. Dhún na nGall.

Fiachra Ó Céilleachair

Ón Rinn i gCo. Phort Láirge. Iarchomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta. Feidhmeannach le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Iarbhall de Chomhairle Contae Phort Láirge agus de Chomhairle Baile Dhún Garbhán.

Ian Mac Aindriú

Ó Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Iarchomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta. Ainmnithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Micheál Ó Scanaill

Ó Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí. Fear gnó agus iar-oide scoile. Iarchomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta.

Pádraig Ó hAinifín

Ón Daingean, Co. Chiarraí. Fear gnó.

Séamus Chosaí Mac Gearailt

Ó na Gleannta, an Daingean, Co. Chiarraí. Comhairleoir Contae agus iarchomhalta ar bhord Údarás na Gaeltachta. Ainmnithe ag Comhairle Contae Chiarraí.

Seosamh Ó Laoi

Ón Spidéal, Co. na Gaillimhe. Comhairleoir Contae. Ainmnithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe.