Foilsithe ar 

Bronnann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich Duaiseanna Ghlór na nGael 2013

Rinne an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., duaiseanna Ghlór na nGael a bhronnadh i gcaisleán stairiúil Chluain Tarbh Dé Sathairn 29 Márta 2014.

Dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta an deis a fháil aitheantas a thabhairt don obair fhuinniúil thairbheach a chuireann coistí pobail agus grúpaí deonacha i gcrích ó cheann ceann na bliana faoi choimirce Ghlór na nGael. Dúirt sé go bhfuil sé soiléir go bhfuil mana Ghlór na nGael faoi lán seoil i gcónaí, sé sin, 'Tóg do Phobal le Nasc na Gaeilge' agus go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh ag baint leis an obair thábhachtach ar fad a dhéantar chun an Ghaeilge a chothú agus a neartú.

“Ní féidir luach a chur ar spiorad na meithle a spreagann na comórtais seo ó bhliain go bliain. Tá aitheantas agus moladh ag dul fosta do na heagrais ar fad a dhéanann urraíocht ar na comórtais éagsúla – agus tá an chomhpháirtíocht idir Glór na nGael agus na hurraí seo thar a bheith tábhachtach do rath na hoibre,” a dúirt an tAire Stáit.

Thréaslaigh an tAire Stáit leis na rannpháirtithe agus na buaiteoirí ar fad agus chuir sé fáilte ar leith roimh na hionadaithe ó Dhaltaí na Gaeilge, Nua Eabhrach, a thaisteal go speisialta don ócáid. Dúirt an tAire Stáit gur sampla an-mhaith é den turasóireacht chultúrtha an comórtas Global Gaeilge atá á rith ag Glór na nGael ón bhliain 2005. Dúirt an tAire Stáit fosta gur ábhar mór dóchais é an spreagadh a thugann Glór na nGael don aos óg a bheith páirteach sna comórtais.

Ag tagairt don ról nua a bheidh ag Glór na nGael mar cheanneagraíocht sa réimse forbairt pobail agus eacnamaíochta faoi scáth Fhoras na Gaeilge, dúirt an tAire Stáit:

“Is é mo ghuí go leanfaidh Glór na nGael ag dul ó neart go neart ar bhun uile-oileáin ar feadh na mblianta fada amach romhainn.”

B’iad Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua a bhuaigh an Chéad Áit Náisiúnta, Trófaí Ghlór na nGael agus €20,000 urraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tuilleadh eolais ar

www.glornangael.ie