Foilsithe ar 

€16,744 ceadaithe do Mhuintearas Teo. ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €16,744 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo., Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe chun veain nua a cheannach. Beidh an veain seo á húsáid maidir le obair Mhuintearas i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo, na Mí agus Dhún na nGall.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh: "Tá obair ar dóigh ar siúl ag Muintearas Teo. ag cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe i measc an aosa óig, agus fosta tríd an tacaíocht a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge. Tá ríméad orm a bheith in ann an deontas seo a cheadú."