Foilsithe ar 

€27,000 ceadaithe do Raidió Rí-Rá ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (16/8/12) go bhfuil deontas €27,000 ceadaithe aige do Raidió Rí-Rá chun cur ar a gcumas stiúideo a fhorbairt agus craoladh ar an ardán nua raidió, Craoladh Fuaime Digití.

Is stáisiún ceol cairte é Raidió Rí-Rá a bunaíodh i mí an Mhárta 2008. Tá sé ag craoladh 24 uair a chloig sa lá ar www.rrr.ie agus ar an bhfeidhmchlár Rí-Rá don iFón. Tá sé dírithe ar dhaoine óga, ach go háirithe, ó cheann ceann na tíre. Beidh Raidió Rí-Rá ar an chéad stáisiún raidió Gaeilge neamhspleách ó RTÉ le dul ar an gcóras nua Craoladh Fuaime Digití agus spreagfaidh sé seo daoine óga chun níos mó Gaeilge a úsáid go laethúil.

Dúirt an tAire Stáit “Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú chun cabhrú le Raidió Rí-Rá san obair fhiúntach atá ar siúl acu ag spreagadh an aosa óige le níos mó Gaeilge a úsáid. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na meáin nua chraolacháin agus tá ard-mholadh ag dul do Raidió Rí-Rá as a bhfís agus a dtionscantacht maidir le freastal ar riachtanais daoine óga”.