Foilsithe ar 

€54,600 ceadaithe do CONCOS ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., go bhfuil deontas de €54,600 ceadaithe aige do CONCOS (Comhchoiste na gColáistí Samhraidh). Mar thoradh ar an deontas seo, beidh CONCOS in ann feidhmeannach forbartha a fhostú ar feadh bliain eile.

Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich:

“Tá áthas orm an deontas seo a fhógairt mar go dtuigim cé chomh tábhachtach agus atá tionscal na gcoláistí Gaeilge do chur chun cinn na teanga ar fud na tíre chomh maith leis an leas a dhéanann siad don Ghaeltacht. Is cinnte go gcuideoidh an deontas seo le forbairt na gcoláistí Gaeilge.”

Cónaidhm is ea CONCOS de 47 coláiste Gaeilge atá lonnaithe taobh istigh and taobh amuigh den Ghaeltacht. Bunaíodh CONCOS in 1968 chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na gcoláistí Gaeilge. Déanann CONCOS ionadaíocht fosta thar ceann na dteaghlach a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas.