Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich roimh chinneadh an Rialtais i dtaca le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, roimh chinneadh an Rialtais níos luaithe an tseachtain seo bille a dhréachtú chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Eascraíonn an cinneadh seo as an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016 go ndéanfaí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun í a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh. Is é an phríomhaidhm atá ag an mBille ná an tAcht Teanga a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mian leis/léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.

Dúirt an tAire Stáit:

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla an-tábhachtach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá sé tráthúil go ndéanfaí leasuithe cuí air tar éis dó a bheith i bhfeidhm le os cionn deich mbliana. Tá sé soiléir ón phróiseas comhairliúcháin a tugadh faoi mar chuid den athbhreithniú ar an Acht go bhfuil éileamh suntasach ar sheirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil ar chóimhéid leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i mBéarla. Chomh maith leis an Acht féin a leasú, tá cead tugtha ag an Rialtas líon suntasach tionscnamh polasaí a chur chun cinn le páirtithe leasmhara ábhartha. Creidimse go mbeidh tionchar dearfach ar stádas agus ar úsáid na Gaeilge mar thoradh ar an chur chuige seo.

D'fháiltigh an tAire Stáit roimh chinneadh an Rialtais nach bhfuil sé i gceist Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Dúirt an tAire Stáit:

Tar éis an chónascadh a bhí beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman a bhreithniú tuilleadh, agus ag tógáil san áireamh torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d’Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách, tá cinneadh déanta ag an Rialtas gan dul ar aghaidh leis an chónascadh a bhí beartaithe.

Tá Ceannteidil an Bhille curtha faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht ag an Aire Stáit inniu, i gcomhréir le polasaí an Rialtais. Dúirt an tAire Stáit:

Táim ag súil leis an phlé a bheidh ar bun i dTithe an Oireachtais agus an Bille seo ag dul tríd an phróisis reachtaíochta.

Tá Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 agus an tuarascáil ar an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar fáil ag www.ahg.gov.ie