Foilsithe ar 

Léirithe Spéise á lorg don phost mar Choimisinéir Teanga

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (16 Eanáir 2014) go bhfuil léirithe spéise á lorg tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ó dhaoine a bhfuil suim acu i gceapachán mar Choimisinéir Teanga ach na cáilíochtaí cuí a bheith acu. Glacfar le hiarratais as seo go dtí deireadh an lae ar an Déardaoin 30 Eanáir 2014. Tá eolas maidir le conas léiriú spéise a dhéanamh ar fáil ag www.publicjobs.ie.

I measc fheidhmeanna an Choimisinéara Teanga, tá monatóireacht ar chomhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla ag comhlachtaí poiblí; imscrúduithe a dhéanamh ina leith sin; comhairle a sholáthar don phobal maidir lena gcearta teanga faoin Acht; agus comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht. Rachaidh an té a cheapfar i gcomharbacht ar an Uasal Seán Ó Cuirreáin a bheidh ag éirí as a phost mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra 2014.

Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air a fhógairt go bhfuil an próiseas chun Coimisinéir Teanga nua a cheapadh faoi lán seoil. "Is sealbhóir reachtúil oifige an Coimisinéir Teanga agus tá ról tábhachtach ag an té sin maidir lena chinntiú go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm go héifeachtach. Táim muiníneach go mbeidh an-spéis sa phost i measc grúpa daoine a bheidh thar a bheith oiriúnach do ról chomh tábhachtach leis seo," a dúirt an tAire Stáit.

Nóta d'Eagarthóirí

Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an cheapacháin.