Foilsithe ar 

Preasráiteas ón Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., maidir le Comhaontú ar Oiliúint sa Ghaeilge agus ar Thástáil Inniúlachta don Státseirbhís

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu (20 Feabhra 2013) go bhfuil Comhaontú Seirbhíse sínithe ag a Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don státseirbhís agus d'eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith.

Faoin gcomhaontú, beidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as a chinntiú go mbeidh an soláthar de chláir oiliúna sa Ghaeilge agus de thástáil inniúlachta dóthanach chun riachtanais eagraíochtúla a chomhlíonadh.

Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich "Is é aidhm an chomhaontaithe seo ná tacú leis an fhoireann chun a gcumas sa Ghaeilge a fhorbairt agus chun cur le cumas na státseirbhíse agus comhlachtaí eile seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Tá an comhaontú seo tábhachtach ach go háirithe i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030."