Foilsithe ar 

Seolann an tAire Deenihan clár imeachtaí an Phobail Áitiúil mar chuid de Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014

Inniu (30ú Márta 2014), sheol Jimmy Deenihan T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir, clár imeachtaí na bliana seo do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir in Óstán Percy French i mBéal na mBuillí, Contae Ros Comáin. Ina theannta, bhí Méara Chontae Ros Comáin, an Comhairleoir Martin Connaughton agus Oifigigh Contae Ros Comáin.

Dúirt an tAire Deenihan an méid seo inniu: Tá an-áthas orm clár áitiúil imeachtaí pobail na bliana seo a sheoladh do Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ón 2ú go dtí an 11ú Bealtaine. Tá mórán ceangal ag pobal áitiúil Bhéal na mBuillí leis an ngorta, go háirithe Teach Bhéal na mBuillí nó eastát Mhathúna mar a bhí air go foirmiúil. Rinne go leor daoine iarracht tearmann a fháil anseo ach díbríodh iad de bharr dheacrachtaí airgeadais an eastáit agus bhí toradh tragóideach air sin do mhuintir Mhathúna. I mbliana, tabharfaidh na himeachtaí pobail agus an cuimhneachán oifigiúil chun cuimhne an dream áitiúil agus náisiúnta ar fad a d'éag, a chuaigh ar imirce nó a d'fhulaing caillteanas le linn na tréimhse sin. Beidh pobal Bhéal na mBuillí fíorbhuíoch as rannpháirtíocht an Taoisigh i gcuimhneachán na bliana seo, an 7ú bliain as a chéile go bhfuil Cuimhneachán Náisiúnta á reáchtáil in ómós dóibh siúd ar fad a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir.

Clár imeachtaí 10 lá - Béal na mBuillí, Contae Ros Comáin

Cuirfear tús le clár imeachtaí deich lá i mBéal na mBuillí ar an Aoine, 2ú Bealtaine, agus leanfar leis go dtí an Domhnach, 11ú Bealtaine, nuair a chuirfear clabhsúr leis le searmanas cuimhneacháin oifigiúil stáit. Áiríonn na himeachtaí sraith léachtaí, píosaí ceoil, siúlóidí, turais bus, drámaí, ceol, taispeántais agus searmanais áitiúla chuimhneacháin agus beidh na himeachtaí uile saor in aisce. Beidh Músaem Ghorta Mór na hÉireann oscailte ar feadh na seachtaine agus beidh taispeántas ann de cháipéisí neamhchoitianta ó aimsir an ghorta. Beidh féile filíochta Bhéal na mBuillí ar bun a mbeidh filíocht a bhaineann leis an ngorta agus léacht ar phrátaí lumpair na hÉireann mar chuid de. Eagrófar turais bus chuig suíomhanna gorta an chontae agus cuirfidh bunscoil áitiúil taispeántas ealaíne faoin ngorta ar bun. Ar an Aoine, 9ú Bealtaine, reáchtálfar searmanais fhleasc-leagain ar fud an chontae ag suíomhanna gorta agus beidh tórramh traidisiúnta ar bun freisin. Osclóidh an Dr. Ciarán Reilly, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, taispeántas speisialta dar teideal 'The Famine Irish: Faces from County'.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár imeachtaí áitiúil agus faoi Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2014 ar fáil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

http://www.ahg.gov.ie/ie/CuimhneachanNaisiuntaanGhortaMhoir2014/

www.strokestownpark.ie

http://www.roscommoncoco.ie/en/

http://roscommon.ie/